Súil Ar Na Gradam IFTA

Ní féidir séasúr na gradaim a sheachaint faoi láthair. Tar éis seachtainí fada lena leithéid
de na Golden Globes, Oscars agus Kid’s Choice Awards fiú, bhí sé in am
d’oileán iathghlas s’againn ár talún i dtaobh scannáin agus teilifís a cheiliúradh.

Tháinig na sluaite de réalta na tíre amach chuig na IFTAs. Curtha i láthair ag iar-
mhac léinn de chuid DCU, Laura Whitmore agus Simon Delaney, b’oíche an-mheallacach
a bhí ann don tionscal.

D’éirigh le Calvary duais mhór na hoíche a bhaint, ag saothrú gradam don Scannán Is Fearr.
Ní amháin sin, ach bhain a scríbhneoir agus stiúrthóir John Michael MacDonagh duais don
Script Is Fearr agus ainmníodh Brendan Gleeson mar an tAisteoir Is Fearr. Comórtas an-
spéisiúil a bhí i gceist sa chatagóir sin le Brendan Gleeson in iomaíocht le triúr fear eile, a
mhac féin Domhnall Gleeson ina measc. Beidh lá eile ag an bPaorach go cinnte i gcás Domhnall; fear é atá ag leanúint a athair le rath mórthaibhseach dá chuid féin faoi láthair.

Is scannán é Philomena atá bunaithe ar scéal atá lárnach i stair na hÉireann. Bhain an scannán gradam don Scannán Idirnáisiúnta Is Fearr agus bhain réalta an scannáin Judi Dench duais don Bhan-Aisteoir Idirnáisiúnta Is Fearr. D’éirigh le foireann léiriúcháin an scannáin gradam don Fheisteas Is Fearr a bhua.

Ar son an scannáin Byzantium a bhain Saoirse Ronan gradam don Bhan-Aisteoir Is Fearr. Scannán fantaisíochta lán vaimpírí agus faoi stiúir Neil Jordan atá ann agus d’éirigh leis féin duais don Stiúrthóir Is Fearr a bhaint. Tríú duais Byzantium ná dá gcuid smideadh agus gruaig.

Ar ndóigh, ní scannánaíocht amháin a bhí á ceiliúradh ag na IFTAs. Tá borradh ollmhór tagtha faoi rath teilifís na tíre seo le gairid agus mar sin bhí iomaíocht iontach le brath i gcatagóirí teilifíse na hoíche. In ainneoin a rath i dtaobh a lucht féachana gach aon oíche Dhomhnaigh, ní raibh oíche chomh rathúil sin ag Love/Hate. Bhain siad gradam don Script Is Fearr áfach; duais go mór tuillte ag scríbhneoir na sraithe Stuart Carolan.

Oíche rathúil do Moone Boy a bhí ann, ag baint dhá ghradam, don Chlár Siamsaíochta Is Fearr agus Stiúrthóir Is Fearr ar son obair dhíograiseach Ian Fitzgibbon. Buaiteoir mór i seánra na teilifíse a bhí i Jamie Dornan. Chomh maith lena sraith The Fall ag baint duais don tSraith Is Fearr, bhain sé féin gradaim ar son an Aisteoir Is Fearr agus mar dhuine atá ag dul go mór chun cinn. Aithníodh a léiriú réaltach i The Fall oíche Dhomhnaigh agus cinnte go mbeidh neart le teacht uaidh sna blianta beaga le teacht.

Is traidisiún de chuid na IFTAs é gradam a bhronnadh ar dhuine ón tionscal as ucht a rannpháirtíocht agus tacaíocht. Bronnadh gradam an aonú IFTAs déag ar Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn. Léirigh físeán a chuid sárobair thar na blianta ar son an tionscail, mar Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta agus ar ndóigh mar Uachtarán. Léiriúcháin a bhí ann de ‘chruthaíocht den scoth’ na hÉireann, mar a dúirt sé féin.

Chaithfí aontú le focail an Uachtaráin. Bhí cuid mhór daoine ag gearán faoi na IFTAs ar a leithéid de Twitter i rith agus tar éis an tseó. Is mar gheall ar léiriúchán an seó a bhí na gearáin ag teacht- na fadhbanna ollmhóra a bhí acu le fuaim agus le ceamaraí ag dul ar strae ach go háirithe. Ag deireadh an lae, ní raibh ann ach ócáid chun aitheantas a thabhairt don chumas agus talún atá le sonrú i measc muintir na hÉireann, talún gur chóir dúinn uile a bheith bródúil as!

Caoimhe Ní Chathail

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.