An banna ceoil Featuring X ag dul ó neart go neart

Tháinig banna ceoil lán cailíní darbh ainm ‘Featuring X’ le chéile sa bhliain 2011. Is as Droichead Átha, Contae Lú iad na gcúigear cailíní ceolmhara a bhfuil sa bhanna. Deirtear go bhfuil siad mar chuid den ré nua racán ról in Éirinn agus iad fós ag freastal ar an meánscoil.

Is í Niamh Sharkey phríomhamhránaí an banna , is giotáraí í Dara Farrelly, is amhránaí cúnta agus giotáraí í Eleanor Rogers, is seinnteoir dord í Sarah McLaughlin agus is cnaguirliseoir í Jenny McKeown.Nuair a bunaíodh ‘Featuring X’ ar dtús, chuir siad an t-ainm ‘The Thin Lizzy Experience’ orthu agus iad páirteach i gcomórtas tallainne scoile.

Sheinn an grúpa ag an bhféile ‘Beat on the Boyne’ sa bhliain 2012 agus tharraing criú teilifíse orthu i ndiaidh sin. Bhí an criú ag súil go bheidís páirteach i gclár faisnéise faoi Phil Lynott, phríomhamhránaí ‘Thin Lizzy’. Thapaigh na cailíní an deis chun a scileanna ceolmhara a thaispeáint ar an dteilifís náisiúnta. Sheinn siad ar chlár darbh ainm ‘Our Place’ agus, mar chuid de sin, thug siad cuairt ar theach Philomena Lynott, máthair Phil, agus thug sí tacaíocht dóibh.

Ghlac ‘Featuring X’ páirt i gcomórtas tallainne áitiúil ‘School Stars’ i ndiaidh sin. Sheinn siad cheirníní d’amhráin cháiliúla trí na babhtaí agus bhí siad páirteach sa bhabhta cheannais. Louis Walsh a bhí ina mholtóir ar an gcomórtas ‘School Stars’ agus bhí sé an tógtha leis na cailíní óga.

Tar éis tamaill, bhí Niamh, Eleanor, Sarah, Dara agus Jenny ag seinm sna tithe tábhairne áitiúla do lucht féachana uile-aoiseach ar fud an thoir-thuaidh. Thosaigh an cúigear ag scríobh amhráin bhunúla. Chum siad na hamhráin ‘The Boat’ ‘Jekyll and Hyde’ agus ‘One Too Many Times’.

Thaifead ‘Featuring X’ a chéad albaim agus eisíodh é i mí Mheitheamh 2013. Bhí na hamhráin a chum siad mar chuid den albam. I rith an tsamhraidh i 2013, tháinig deis chun cinn nár mhór dóibh a thapú. Thug eagarthóirí ‘Electric Picnic Arts and Music Festival’ cuireadh do ‘Featuring X’ seinm ag an bhféile.

Go luath ina dhiaidh sin, éisíodh físeán don amhráin ‘The Boat’ agus bhreathnaigh 10,000 daoine ar an bhfíseán sin laistigh de sheachtain amháin. Bhí an-tóir ar ‘Featuring X’ as sin amach. Shéin siad in éineacht le ceoltóirí cáiliúla ar nós Pat McManus agus the Furey Brothers.

I nDeireadh Fómhair 2013, d’oibrigh na cailíní ceolmhara le ‘NuMu Production Studios’ chun amhráin nua agus físeáin a taifeadadh. ‘Wild Love’ an t-ainm atá air.

Tiocfaidh an t-amhrán sin amach ar an 19ú lá de mhí Meitheamh i mbliana. Tá an bhanna ag staidéar faoi láthair chun na scrúduithe Ardteistiméireachta a dhéanamh agus críochnóidh siad leis an scrúdú ceol ar an lá céanna is a dtiocfaidh an singil sin amach.

Beidh an físeán do ‘Wild Love’ le feiceáil ar YouTube i mí Aibreán i mbliana. Úsáideadh é chun eolais a thabhairt don lucht féachana faoi chomórtas faisean a bheidh ar siúil. I láthair na huaire, tá Featuring X ag comhoibriú le ‘The Gallery Clothing Co.’ i mBéal Feirste chun feachtas faisean a ceapadh. An aidhm atá leis ná chun seans a thabhairt do dhaoine t-léine a ceapadh leis an téama ‘Wild Love’ orthu. Má tá tú ag iarraidh t-léine a chruthú do na chailíní, bí i dteagmháil leo ar Facebook ag www.facebook.com/Featuring X. Is féidir ‘The Boat’ a íoslódáil ar https://soundcloud.com/featuringx/sets/featuring agus is féidir ‘Wild Love’ a cheannach ar iTunes ar an 19ú lá de Mheitheamh.

Áine Marie Monk

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.