Seachtain na Gaeilge i DCU

Mar is eol dúinn uile, ní seachtain é Seachtain na Gaeilge – leoga, maireann sí, de ghnáth, coicís, agus i mbliana mhair sí coicís go leith. Conradh na Gaeilge atá ar bun na seachtaine, agus shocraigh siad go gcríochnódh sí ar Lá le Phádraig gach aon bliain. An príomhchuspóir atá leis an tSeachtain nó cultúr agus teanga na hÉireann a chur chun cinn, tírghrá a thaispeáint, agus an Ghaeilge a spreagadh i measc an phobail. Anseo i DCU, agus in ollscoileanna ar fud na tíre, tá sin idir lámha ag an gCumann Gaelach cheana féin, ach le linn Seachtain na Gaeilge déantar é a aibhsiú agus éiríonn cuid mhaith cumann eile páirteach ann fosta. Mar a deir an fógra raidió sin a chuir Conradh na Gaeilge amach an tseachtain ‘s a chuaigh thart, is linne ar fad an Ghaeilge, agus bhí sin soiléir le linn Seachtain na Gaeilge.

Cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge DCU dé Luain seo chaite (10ú) le Maidin Chaife sa Mezz. Bíonn seo ar siúl go seachtanúil ag 11rn agus tá sé thar a bheith taitneamhach – tae agus caife saor in aisce agus comhrá as Gaeilge. Níos moille ar an Luan, i gcuideachta le Dance Soc agus Music Soc eagraíodh Céilí Mór. B’é an Grúpa Traid a rinne ceol beo ag an ócáid – chuir seo go mór leis an Ghaelachas.

Ar an Mháirt cuireadh ceardlann t-léinne ar siúl i gcuideachta le hArt Soc – thosaigh muid le 51 t-léinne agus d’imigh muid gan ach 12. Bhí an-rath ar fad ar an ócáid, ní amháin an raibh mic léinn Éireannacha ann ach bhí mic léinn iasachta againn fosta. Dearadh na t-léinte i stíl tie-dye le dathanna na hÉireann orthu agus bhí siad thar a bheith galánta.

B’é an Chéadaoin an lá is mó den tseachtain – Lá na Gaeilge. Bhí cuid mhór daoine ag caitheamh na t-léinte a rinne siad an oíche roimhe agus rinneadh sáriarracht an Ghaeilge a labhairt – do dhaoine áirithe níorbh shin ach focal nó dhó ach ba mhór linne é! Bhí ár gcairde Art Soc sa Hub ag péinteáil aghaidh fosta; b’iomaí seamróg a bhí le féacáil thar ar DCU. Thángthas le chéile do Thráthnóna Caife sa Mezz, cosúil lena raibh ar siúl maidin dé Luain, ach bhí an t-am níos oiriúnaí agus mar sin bhí an slua níos mó. Fiú bhí ar an choiste cúpla euro a fháil ar iasacht ó na Gaeilgeoirí le níos mó cupán a fháil. Ina dhiaidh sin bhí na ranganna Gaeilge ar siúl (mar a bhíonn gach seachtain i CG05) – bunrang ag 3, meánrang ag 4. D’fhreastal níos mó ná riamh ar na ranganna agus bhí meascán naisiúntachta ann. Ach thiocfadh buaicphointe na seachtaine an oíche sin le turas chuig Chlub Chonradh na Gaeilge ar shráid Fhearcháir – oíche ar dóigh, mar is gnáth, sa chlub le Cumann Gaelach DIT agus an slua a bhí ag an gcéilí mhór a d’eagraigh siad.

Agus deireadh na seachtaine ag druidim, agus lucht na Gaeilge ag fulaingt de bharr an olacháin a tharla sa Chlub, ligeadh scith ag Mic Oscailte i gcuideachta le Music Soc sa Mezz ar an Déardaoin. Bhí daoine ag ceol agus ag comhrá agus mar a tharlaíonn go minic ag ócáidí Music Soc, bhí an Mezz dubh le daoine.

Ní féidir a shéanadh go raibh seachtain den scoth againn i DCU; chuir daoine spéis sa Ghaeilge nach gcuirfeadh murach an deis seo; bhí an Ghaeilge le cloisteáil níos mó ná gnáth; scaipeadh tírghrá i measc na mac léinn, fiú na mic léinn nach Éireannaigh iad. Ach tá mise go hiomlán scriosta. Níl a fhios agam faoin chuid eile den choiste ach tá seachtain léitheoireachta (seachtain chodlata) tuillte go sármhaith agamsa.

Barra Ó Scannláin

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.