Guth an Phobail le Cloisteáil ar Prime Time

Bhog an slua go mall isteach tríd doirse RTÉ agus iad ag plé díospóireacht na seachtaine. Bhí peann ullamh i lámha cuid acu – roinnt eile bhíodar ag tógáil pictiúir dá chéile ag deasc Miriam O’ Callaghan. Bhí gach saghas duine ansin agus iad ar fad réidh lena dtuairimí a roinnt agus cúrsaí na tíre a phlé ar ardán náisiúnta.

An uair seo cuireadh tuarastail an pobal faoin spot sholas sa stiúideo i nDomhnach Broc don chéad uair le seacht mbliana anuas. An bhfuil sé in am an íosphá náisiúnta a ardú nó an mbeadh faoiseamh cáineach níos feiliúnaí? Ach tar éis na mblianta fada de bhuiséid chruálacha, an mbeadh sé róluath in aisghabháil eacnamaíochta na tíre chun ár gcuid cros a scaoileadh?

Shuigh muintir an pobal ina suíocháin i stiúideo Prime Time ach ní ar a suaimhneas a bhíodar agus iad réidh le troid ar son a gcearta agus a scéal pearsanta a insint. Is seans uathúil í seo don ghnáthdhuine a thuairimí a roinnt leis na húdaráis agus aíonna an chláir agus bhí teannas chomh maith le spraoi le brath ann. Bhí daoine ag súil go mór lena seans a fháil ar dheireadh.

Ba thuairim coitianta é i measca an lucht féachana go raibh ardú ag taisteal ar íosphá na tíre. Ach is éasca é sin a rá nuair nach iadsan a bhfuil ag streachailt lena ngnó a choinneáil i mbarr uisce sa gheilleagar suaite seo. Ba léir go raibh coimhlint idir billí teaghlaigh agus tí a íoc agus billí an ghnáthghnó agus nach raibh tuiscint ag daoine ar chruachás a chéile.

Mhínigh athair de thriúir an bhrú airgeadais a bhí air a chuid páistí a chuir ar an ollscoil agus go gcabhródh ardú pá leis oideachas ceart a thabhairt dá pháistí.

D’fhreagair bean ghó a impíocha leis an óráid ghonta seo; “Tá sibh ag iarraidh go n-íocfaimis ár n-oibrithe níos mó. Agus ba bhreá linn é sin a dhéanamh. Ach cad leis a n-íocfaimis iad? Níl pingin rua againn féin.”
É sin ráite an rud ba mhó a bhí le sonrú ná cé chomh hullamh is a bhí daoine lena gcuid tuairimí a roinnt agus a dtoilteanas troda i leith a gcearta labhartha sa sochaí dhaonlathach seo. Cé gur lean na saineolaithe agus na húdaráis ar aghaidh ag déanamh scansála ar ábhar na hoíche, ba é buaicphointe an chláir ná láidreacht na hÉireannaigh i gcoinne cinntí ceannairí ár dtír.

Cé nach raibh aon réiteach ar an scéal ba léir go raibh muintir na hÉireann ullamh le seilbh a ghlacadh ar a dtír arís trína gcuid tuairimí a léiriú. Ag deireadh an tsaoil is fearr go mór féinspreagadh agus neamhspleáchas an daonra a bhraith sa tír athuair, is cuma cén conclúid a mbeidh le díospóireacht an íosphá.
Gráinne Ní Aodha agus Ellen Ní Churtáin

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.