Is iad na rudaí beaga a thugann le fios dúinn go bhfuil an Nollaig ar an mbealach – barraí seacláide le fir sneachta orthu, amhráin cáiliúil na Nollag ar an raidió, agus cuireadh go dtí cóisir Nollag. Is cinnte go bhfuil ár dtraidisiúin féin againn, ó kris kindle go dinnéar turcaí agus liamhás go dtí an 8ú Nollag mar dháta náisiúnta siopadóireacht na tíre.
Ach cad a bhíonn ar bhun ag tíortha eile? Déanaimid talamh slán de go mbíonn an rud céanna ar siúl i dtíortha Críostaíochta eile mórthimpeall an domhan, ach ní mar sin é. Tá réimse mór traidisiúin don Nollag, cinn a dhéanann níos mó céile ná ár gcuid féin, agus cinn eile nach ndéanann.
Sa Spáinn mar shampla, ghlaoitear Nochebuena ar oíche Nollag, nó “the Good Night.” Cé go ndéantar ceiliúradh ar an 25ú Nollaig, tugtar bronntanais dá chéile ar an 6ú lá d’Eanáir, an lá a chuimhnítear ar cuairt na Trí Ríthe chun an leanbh Íosa, agus deirtear go dtugann na Trí Ríthe na bronntanais chuig na páistí, ní San Nioclás mar atá anseo. Fágann na páistí bróga amach le bia iontu le haghaidh capaill na dtrí ríthe, agus is é Balthazar an rí ab fhearr leo, mar go gcreidtear gurbh é a fhágann na bronntanais san oíche.
‘Nisse’ is ainm do shíog a chruthaíonn trioblóide sa Danmhairg thart timpeall ar an Nollag. Fágann daoine putóg ríse nó leite amach dó chun a cleasa a shrianadh. San am atá thart, thug muintir shaibhre na Danmhairge brioscaí agus torthaí dona searbhóintí ar phláta ab fhearr acu agus is as seo a d’eascair ‘pláta Nollag na Danmhairge.’ Glaoitear Juleaften ar Oíche Nollag, agus is é an ceiliúradh is mó den bhliain le cóisir an oíche ar fad, gé rósta, cabáiste dearg, agus putóg le cainéal air darbh ainm Grod.
Sa Bhrasaíl, tá ceangail láidir acu leis an Phortaingéil, agus tagann a lán den tradisiúin acu ón bhunús seo. A leithéid de thradisiúin is ea an dráma speisialta acu don Nollaig – Los Pastores nó “The Shepherds.” Sa Bhrasaíl is mná iad na haoirí agus sábhálann siad an leanbh Íosa ó giofógach a rinne iarracht é a fhuadú. Is é Papai Noel bronntóir na hiontais anseo, agus creidtear go bhfuil cónaí air sa Ghraonlainn agus go gcaitheann sé culaith shíoda mar gheall ar teas an Bhrasaíl.
Suas go dtí an 18ú agus 19ú céad ceiliúradh na Nollag san Iamáice tríd damhsaí sa tsráid, ach tá meath tar éis teach air seo, cé go bhfuil fáil air ar codanna den oileán. Bíonn uirlisí ceoil ar nós gligín, fífeanna, triantáin agus tambóirín in úsáid. Glaoitear “set-girls” ar na cailíní a mbíonn ag damhsa i ngrúpaí, agus “koo koo boys” ar na fir, a chaitheann maisc aghaidh is ceannbhearta agus a ghlacann páirt i ndrámaí gearra. Cé go bhfuil an traidisiún seo ón tréimhse ársaíochta, ceaptar go dtagann sé ón Afraic is ón Eoraip araon.
Tá a bhealach féin ag Críostaithe sa tSín leis an Nollaig a cheiliúradh. Maisítear an Crann Nollag nó “Tree of Light” mar a chuirtear uirthi, le bláthanna, slabhraí is laindéar go léir déanta as páipéar. Crochtar stocaí muislín suas le haghaidh Dun Che Lao Ren, ainm a chiallaíonn ‘Seanfhear na Nollag.’ Cé go bhfuil an traidisiún seo cosúil leis an gceann againn sa domhan thiar, is iad na rudaí beaga a déanann iad uathúil agus thar a bheith suimiúil.
Gráinne Ní Aodha
Image credit: Flickr via Wikimedia Commons
Leave a Reply