“What counts in life is not the mere fact that we have lived. It is what difference we have made to the lives of others that will determine the significance of the life we lead.” — Nelson Mandela
Ba dhuine é Nelson Mandela a raibh, a bhfuil, agus a mbeidh, mar fhigiúr fíor-inspioráideach do go leor daoine mór thimpeall an domhain. Bhí sé tugtha do chás an duine daonna agus cúiseanna daonnúla. Rinne sé go leor iarmhairtí pearsanta ar mhaithe le saoirse do mhuintir an Afraic theas. Goideadh seacht mbliana is fiche dá saol nuair a chuireadh san phríosúin é de bharr a ghníomhaíochtaí i gcoinne an chiníochais a bhí forleathan ina dtír dhúchasach i rith a saol. Fear a bhí i Mandela a d’éirigh leis é seo ar fad a athrú.
Sílim gur fíor a rá go raibh brón ar an domhan uile nuair a tháinig an scéal amach go raibh Nelson Rolihlahla Mandela tar éis bás a fháil ar an 5 Nollag, ag aois a 95. B’é an chéad uachtarán gorm ar an Afraic Theas, ach is cinnte go ndearna an fear seo i bhfad níos mó ná sin ar son a thír agus ar son phobal an domhain mór. Ba réabhlóidí frith cinedheighilteach é, bhí sé ina pholaiteoir agus bhí sé ina daonchara freisin. B’é an chéad duine riamh le bheith tofa i toghchán daonlathach lánionadaíoch. Dhírigh a rialtas ar oidhreacht an chiníochas a scriosadh trí dul i ngleic leis an gciníochas institiúideach, an bhochtaineacht agus an eagothromaíocht agus athmhuintearais ciniúil a chothú.
Cén fáth a raibh Mandela difriúil ó na ceannairí polaitiúla a chuaigh roimhe agus na cinn a thiocfaidh ina ndiaidh? Thug Obama óráid ionspioráideach i staidiam fliuch i Johannesburg le cúpla lá anuas ar son duine a chaith saol beoga agus éachtach. Rinne an chéad uachtarán gorm ar na Stáit Aontaithe ceiliúradh ar saol an chéad uachtarán gorm san Afraic Theas, agus mhol sé é mar “fathach na staire”.
Rinne Obama intreoir air mar “ár mac féin ó ithir na hAfraice”. Labhair sé maidir le saol Mandela óna luath-óige ag buachailleacht bó go dtí an traenáil dhlíthiúil a chuir cruth ar streachailt saoradh a raibh chomh mór le Mahatma Gandhi agus Martin Luther King Jr. Rinne sé athinsint ar thrialach Mandela i 1964, na deichniúir a chaith sé sa phríosúin, agus an uachtaránacht dochreidte mar chruthathóir síochána ar tír a chreid go leor daoine nach mbeadh deisithe ón bhforéigean agus ó éagóir an apartheid riamh.
I bhfocail Obama, agus é soiléir go raibh ardmheas pearsanta ag Obama féin air, dúirt sé go raibh an féidearthacht láidir ann a bheith ag cuimhne ar Mandela ar nós pearsanra íocónach, é ag meangadh gáire agus suaimhneach, é scartha ó thrialacha an ghnáthduine. Ach chuir Mandela féin go mór i gcoinne portráid mharbh mar sin. An rud a theastaigh go géar ó Madiba, ná gach rud a roinnt linn, a gcuid amhras agus buarthaí féin; a chuid botúin mar aon lena héachtaí. “Ní Naomh mé”, a dúirt sé, seachas má smaoiníonn tú ar Naomh mar pheacach a leanann leis ag déanamh iarrachta.”
Bhí teachtaireacht in óráid Obama le haghaidh ceannairí an lae inniu- sa bhaile agus thar lear, a éilíonn go bhfuil oidhreacht Mandela cuimsithe acu, ach nach léiríonn a gcuid polaitíochta aon rud den sórt.
Más deachtóirí Afracach ar nós Robert Mugabe iad, a dhéanann cos ar bolg a chuir ar a hiomaitheoirí pholaitiúla- nó Poblachtaigh coimeádach a bhfuil ag iarraidh stampaí bia nó leasa dífhostaíochta a ghearrach- tá ag teipeadh orthu sampla Mandela a leanúint.
In abairt thar a bheith ionraic, a ndéanann suimiú foirfe ar Mandela sílim, deir Obama; “ Cé go dtitfidh mé ghearr do shampla Madiba, tugann sé an ionspráid dom a bheith mar dhuine níos fearr.” Cad eile a bhfuil uainn ó dhuine daonna? Ar dheis Dé go raibh a anam.
Máire Áine Ní Shúilleabháin
Leave a Reply