An tOireachtas, inniu agus inné

Dé Luain, 17 Bealtaine 1897, Baile Átha Cliath. Breis is céad bhliain ó shin, bunaíodh Oireachtas na Gaeilge, agus tá an fhéile fós ar an bhfód, agus fós ag ceiliúradh an teanga álainn seo againn. Féile leathlae a bhí ann ag an am, agus an bliain sin bhí níos mó ná míle duine i láthair i Seomra Cruinn an Rotunda i gcomhair na comórtais san iarnóin agus an ceolchoirm san oíche. An lá sin bhí naoi gcomórtas ar siúl – dhá chomórtas filíochta; cúig comórtas aistí i bprós (ceann amháin ina raibh aistí i mBéarla ceadaithe!) comórtas do chnuasach dánta, d’amhráin nó de scéalta Gaeilge nach raibh foilsithe go fóill; comórtas d’amhrán nua a bheadh oiriúnach le canadh ag imeachtaí de chuid Chonradh na Gaeilge; agus comórtas reacaireachta.

An aidhm a bhí ag Conradh na Gaeilge in 1897 ná; ‘That an Oireachtas, or public assembly, on behalf of the Irish language, be held annually by the Gaelic League, at which prizes would be offered for readings, recitations, songs and dramatic sketches in Irish.’ Ón dtús bhí tábhacht mór ag baint leis an taobh sóisialta den Ócáid. B’iontach an deis é bualadh le daoine ó gach taobh den tír le Gaeilge a labhairt agus oidhreacht na tíre a cheiliúradh.

Tá fás agus athrú mór tagtha ar an bhféile stairiúil seo ó shin, agus na laethanta seo eagraíonn Oireachtas na Gaeilge go leor imeachtaí chun cabhrú leis an nGaeilge a chur chun cinn. Is é Oireachtas na Samhna príomh fhéile na nGael, a bhíonn ar siúl gach bhliain ag deireadh mí Dheireadh Fómhair nó tús mí na Shamhna. Bíonn comórtais díospóireachta, rince, amhránaíocht is scéalaíocht ar siúl i rith an lae, agus san oíche bíonn ceol is craic ar fáil ar fud na háite. Feictear fós an baint agus an tábhacht a bhaineann le cairdeas agus caidreamh a cothú i measc lucht labhartha na Gaeilge. Is ócáid thar a bheith sóisialta é an tOireachtas, agus tá sé oscailte do dhaoine óg is aosta.
Agus mé níos óige, d’fhreastail mé ar Scléip na hÓige. Is é seo an chuid d’Oireachtas na Samhna a cuirtear ar siúl do dhaoine óga atá sa mheánscoil. Bhí an t-atmaisféar iontach, agus bhí gach duine ag labhairt as Gaeilge. Cheap mé nach bhféadfá le aon duine cóisir níos fearr a chur ar siúl chun ‘Gaelachas’ a cheiliúradh.

An bhliain dar gcoinn, d’fhreastail mé ar Oireachtas na Samhna le dream ón Ollscoil. Eispéireas iomlán nua a bhí agam an bhliain siúd. Bhí sé iontach mic léinn ollscoile a fheiceáil ag caint agus ag comhrá i nGaeilge, le chéile agus le dhaoine a bhí i bhfad níos sine. Léirigh sé domsa nach gá dúinn bheith ró-buartha faoi todhchaí an Ghaeilge mar theanga. Tá daoine fós sásta í a labhairt, agus ní féidir le teanga bás a fháil agus daoine á labhairt.
I mbliana, beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Áirne, Co. Chiarraí. Beidh an Cumann Gaelach DCU ag freastail ar an ócáid ón 1ú go dtí an 3ú lá mí na Samhna. Má tá suim ag aon duine freastail ar an tOireachtas, sheol ríomhphoist chuig an gcumann ar cumanngaelachdcu@gmail.com, nó téigh i dteagmháil leo ar Facebook, Cumann Gaelach DCU.

Gráinne Ní Cheallaigh

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.