An é Bándearg an Bán Nua?

“Bándearg mar dath macnasach, bándearg mar dath mealltach, bándearg mar dath na mbrionglóidí, bándearg mar dath sofaisticiúil, bándearg mar dath láidir, bándearg mar dath seolta.”

Seo iad na focail a d’úsáid Vera Wang nuair a thaispeáin sí feisteas brídeoige le haghaidh fómhar 2014. Bhí an t-ardán taispeána mar fharraige bándearg le himireacha de dhathanna coiréalach, rósach agus peiteal. Comh maith le sin, bhí téama bláthach ag rith tríd an cnuasach éadaigh. Ní stíleanna saorga atá i gceist anseo agus rinne an dearthóir faisean an pointe seo a léiriú lena rogha fabraicí- d’úsáid sí fabraicí sóbhranda chun na gúnaí a cruthú. Bhí rogha fabraicí le sonrú tríd an chnuasach, idir organsa, síoda agus lása. Dar le Wang, tá bándearg oiriúnach mar dhath do gach chineál dath craicne agus tá stíl ann a bhfuil oiriúnach le haghaidh an uile duine. Más mian leat a bheith gléasta suas ar nós banphrionsa, tá stíl ar fáil. An bhfuil “An Mhaighdean Mhara Bheag” mar an scannán is fear leatsa? Tá stíl gúna ar fáil a bhfuil díreach cosúil leis.

Is é cnuasach éadaigh Vera Wang don fómhar i mbliana mar na héadaigh de bhrionglóide cailíní óige. Chun an fhirinne a rá, tá na stíleanna an-gleoite. Tá bláthanna móra ar na siortaí agus carbhait ar cabhail gúna amháin. Fós fhéin, is gúnaí pósta bándearg láidre iad. Dúirt Wang “Smaoinigh bándearg agus an íoróin a bhaineann leis an mbán-dearg, agus na himireacha sin ar fad don Geimhridh”. Is léir go bhfuil Wang ag iarraidh feisteas brídeoige a hathnuachan arís, (bhí cnuasach de feistis brídeoige iomlán dearg aici le haghaidh Earrach 2013). Léiríonn sé seo dúinn go raibh an dearthóir faisean ag iarraidh feisteas brídeoige difriúil a cruthú chun an mná nua-aimseartha a shásamh.

Áine Marie Ní Mhainicháin

Smaoinigh ar an traidisiún a bhaineann le gúnaí bána agus ansin ar an cheist: “An bhfuil bándearg mar an bán nua?” Ceist conspóideach í an cheist seo! Caithfimid a cheistiú….an bhfuilimid toilteanach an traidisiúin a cailleadh in ainm an fhaisean? Phós ár shinsearaigh i ngúnaí lása nó gúnaí eile dea-shimplí bána san am atá chaite. An bhfuilimid ag iarraidh tradisiúin nó nósanna nua a chruthú agus a spreagadh? Is maith an scéalaí an aimsir, agus tá Wang ag tabhairt deis dúinn a leithéid a dhéanamh leis na feistis brídeoige is déanaí atá cruthaithe aici.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.