Rugtar dhá leanaí bodhra gach seachtain in Éirinn, agus rugtar 90% do phaistí bodhra do tuismitheoirí a bhfuil sé de chumas acu chloisteáil. Is í Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, (ISL a nglaotar ar go hiondúil) mar an teanga dúchasach nó an máthairtheanga do phobal bodhar na hÉireann. Úsáideann daoine ón Bhreatain, Teanga Chomharthaíochta na Breataine, agus úsáideann daoine Meiriceánach teanga Chomharthaíochta Meiriceá agus mar sin de. Athraíonn teanga chomharthaíochta ó náisiún go náisiún, an méid céanna le teanga labhartha. Tógann an phobal bodhar Éireannach go leor bród ina dteanga, a bhfuil tar éis bogadh síos na glúnta. Ní leagan chomharthaíochta don Bhéarla í Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, ach teanga uathúil a bhfuil thar a bheith spásúil agus a bhfuil a ngramadach sonrach féin aige, ag obair na lámha, an aghaidh agus an corp chun cumarsáid a dhéanamh.
Déanann Teanga Chomharthaíochta na hÉireann aontú ar an bpobal bodhar trí cultúr, stair agus pobal. Tá thart ar 6,000 duine bhodhair in Éirinn, arbh í Teanga Chomharthaíochta na hÉireann a gcéad teanga, agus an teanga ab fhearr leo, ach tá 60,000 duine eile a bhaineann úsáid as an teanga chun cumarsáid a dhéanamh le cairde agus clan atá bodhar.
Is é Cumann Bodhar na hÉireann an eagraíocht is mó a bhfuil á stiúradh ag daoine bodhra in Éirinn, a bhfuil ag obair leis an phobal Bhodhair agus iad siúd le deacraíochtaí éisteachta. Díríonn obair an tsochaí seo ar chothromaíocht agus rochtain a bhaint amach do dhaoine bodhra. Bíonn siad ag iarraidh bacainní a bhriseadh síos a cúisíonn le mí-braistintí do na bodhair- rud a chuireann cosc ar dhaoine bodhra rochtain a fháil ar an ionad oibre nó nach dtugann deis do Teanga Chomharthaíochta na hÉireann a bheith aitheanta mar theanga oifigiúil.
I rith díospóireacht san seanad le linn seachtain feasachta de chuid Teanga Chomharthaíochta na hÉireann i mí Méan Fómhair, dúirt an seanadóir Mark Daly go bhfuilimid i láthair na huaire ag sárú comhaontuithe idirnáisiúnta a shínimid maidir le baill an phobal bodhar, san áireamh anseo, Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir le cearta Daoine le Mhí-Chumais agus Comhaontú Aoine an Chéasta, maidir le baill an phobal bodhar agus an bhealach nach faigheann siad an teacht céanna ar seirbhísí Rialtais agus a fhaigheann saoránaigh eile.
D’éirigh leis an tseanadóir Mark Daly, agus é ag obair le Cumann Bodhar na hÉireann, gealltanas a fháil ón tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is féidir le baill uilig an Oireachtas iarratas a dhéanamh anois i dtaobh costais a bhaineann le seirbhísí teanga (a leithéid d’aistriúcháin, léirmhíniú, mí-chumais, m.sh Braille ) Ligeann sé seo do Bhaill an Oireachtas léirmhínitheoirí teanga chomharthaíochta a fhostú anois le haghaidh cruinnithe agus clinice le baill an phobal bodhar.
Leanann an streachailt ar aghaidh chun stádas mar theanga oifigiúil a bhaint amach do Teanga Chomharthaíochta na hÉireann. Bhí dea-nuachta maidir leis an scéal seo le déanaí. Ar an 9ú Deireadh Fómhair, ritheadh rún sa Seanad d’aon ghuth ag iarraidh ar an rialtas aitheantas a thabhairt do Teanga Chomharthaíochta na hÉireann. Bhí baill de chuid Cumann Bodhar na hÉireann agus an Grúpa Aitheantas le haghaidh Teanga Chomharthaíochta na hÉireann i láthair ag an éisteacht. Is céim eile í seo ar an dréimire chuig aitheantas le haghaidh Teanga Chomharthaíochta na hÉireann a bhaint amach.
Máire Áine Ní Shúilleabháin
Leave a Reply