Íomhá Nua á Chruthú ag an gCumann Gaelach i mBliana

Tá bliain nua tagtha in DCU, agus leis sin, tá na clubanna agus sochaí ar fad ag tosnú suas arís agus na baill athnuaite i ndiaidh an samhradh fada, iad lán le fuinneamh agus smaointe nua. Cumann atá ag súil le go leor forbairt a dhéanamh i mbliana ná an Cumann Gaelach. Is cumann í seo a bhfuil go leor réimse inti le dul chun cinn a dhéanamh. Go traidisiúnta, bhí an cumann seo nascaithe go díreach leis an gcultúr gaelach agus imeachtaí ar nós seisiún ceoil traidisúnta agus an t-Oireachtas. Is cinnte go mbeidh béim fós ar na nithe seo, ach de réir baill an coiste i mbliana, táthar ag súil le go leor imeachtaí nuálach a reáchtáil, imeachtaí nach bhfuil dírithe ar an gcultúr gaelach amháin.

Faoi láthair tá na laethanta cumainn agus sochaí faoi lán-seol, agus gach uile cumainn agus sochaí ag déanamh a míle dhícheall baill nua a earcú dá n-eagraíocht féin. Bíonn lucht bliain a haon bombardaithe leis na cumainn nua ar fad atá ar fáil dóibh, agus iad ag caitheamh milseáin agus cártaí lascaine ina dtreo. Is cinnte go bhfuil pleananna corraitheach ag an gcumann Gaelach dos na baill nua i mbliana, agus na baill a bhí ann le tamaill anuas freisin, ar ndóigh.

Cheana féin i mbliana, tá an Cumann Gaelach tar éis céilí don chéad scoth a reáchtáil i rith seachtain na bhfreasúra, in éineacht le grúpa traidisiúnta an Cumann Ceoil agus an Cumann Damhsa. Bhain gach uile duine sult agus taitneamh as an eachtra seo, a tharla taobh amuigh don fhoirgneamh Henry Gratten an seachtain seo caite. Sampla í seo don meoin atá ag an gCumann Gaelach i mbliana níos mó imeachtaí idir-chumainn agus idir-choláiste fiú a reáchtáil. I rith na bliana, tá pleananna ann chun imeachtaí a chur ar siúl in éineacht le Chumann Gaelach nua de chuid Marino, agus an Cumann Gaelach i gColáiste Phádraig, gan trácht ar comh-oibriú a dhéanamh leis na cumainn eile anseo in DCU, an Cumann Damhsa, an Cumann Drámaíochta, an Cumann Ceoil agus an cumann grianghraf, mar shampla.

Beidh an cruinniú ginearálta urghnách á reáchtáil ag an gCumann Gaelach an Máirt seo chugainn, an 15ú Deireadh Fómhair, agus an cumann ag súil le go leor daoine nua a mhealladh chuig an cruinniú seo. I ndiaidh an cruinniú, rachfar isteach chuig Club an Conradh le haghaidh Oíche na Mic Léinn ar mhaithe le aithne a chur ar a chéile agus beagáinín craic agus spraoi a bheith ag an gCumann.

Gach bliain is í an tOireachtas ceann dos na bhuaic-phointí don Cumann Gaelach, agus beidh sé ar siúl arís i mbliana. Ritheann Oireachtas na Samhna 2013 ón 29ú Deireadh Fómhair go dtí an 3ú Samhain i gCill Airne, Co. Chiarraí. Rud a bheidh difriúil i mbliana ná go mbeidh Cumann Gaelach DCU ag eagrú seachtain d’imeachtaí agus spraoi ar champas san seachtain roimh an tOireachtas, chun daoine a spreagadh an teanga a úsáid agus iad a chuir sa mheoin ceart don Oireachtas féin. Cuid do na smaointe atá á phlé faoi láthair ná b’fhéidir céilí a reáchtáil le Choláiste Phádraig, scóráil sciobadh, tráth na gceist agus BBQ fiú! Is cinnte go bhfuil bliain corraitheach nuálach le teacht don Cumann Gaelach, le go leor Gaeilge agus spraoi mar an pháirt lárnach do ghach plean…. bígí ar fad ar bord!

Máire Áine Ní Shúilleabháin
Image Credit Amelia Ní hÉileas

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.