Comhairle do Lucht na Céad Bhliana agus iad ag tosnú amach sa Choláiste

Tá an Fómhar buailte linn don athuair agus is faoi scáth agus gruaim a thugann mic léinn na tíre aghaidh ar an gcoláiste arís. Is é an aimsir céanna a chuireann in iúl go bhfuil an Samhraidh agus an saoirse a bhaineann léi thart agus go bhfuil brú agus gnáthamh na hollscoile i ndán dóibh. Tá an dearcadh seo i gcodarsnacht géar leis an eispéireas a bhfuil i ndán do mhic léinn na céad bliana agus iad ag blasadh saol an choláiste don chéad uair agus iad lán le fuinnimh agus floscadh ag tnúth leis an saol nua atá rompu.

Trasdul suntasach is é an ghluaiseacht ón meánscoil go dtí an choláiste i saol an mhic léinn agus iad ag éalú amach ó chliabhán a thuismitheoirí agus ag tógáil a chéad blaisín bheag don saol mór fuadrach sa chathair. Is iomaí rud atá ann le bheith ar bís futhu agus tú ag tógáil an chéad chéim ar aghaidh go dtí an ollscoil. Imreoidh na mór-imeachtaí, na cairde agus na teagmhálacha a dhéantar ar champas na hollscoile tionchar láidir ar do shaol mar mhic léinn agus níos tábhachtaí fós, ar do thodhcaí agus do phearsantacht amach anseo. Mar sin, seo a leanas roinnt moladh daoibhse, mhic léinn nua an choláiste, a chuirfidh le do seal anseo sa choláiste agus a chinnteoidh go mbainfidh tú an méid is mó is gur féidir leat amach as do thréimhse anseo in Ollscoil Chathair Baile Átha Cliath.

1.Déan iarracht le gach duine: Cinnte go mbítear ciúin, cúthaileach ag tosú amach ar an ollscoil ach déan iarracht labhairt leis na daoine eile i do chúrsa. Cuimhnigh go bhfuil gach duine sa bhád céanna leatsa agus iad chomh neirbhíseach céanna.

2.Bí mar Spúinse: Is pribhléid é teacht ar an ollscoil agus mar sin, ba chóir go mbaineann tú an méid is mó eolais amach as do thréimhse anseo is gur féidir. Bí réamhghníomhach ó thaobh do chuid oibre de, ag freastal ar na leachtanna, agus ag aighniú do chuid mheasúnachtaí in am don spriocdháta.

3.Glac páirt: Is iomaí cumann agus spórt atá ag feidhmiú i DCU, agus ón cumann Karate agus an chumann Chromáin, an chumann Glee agus an chumann Súirf, tá cumann ann do gach duine. Cláraigh do na chumainn a chuireann tú súim iontu agus bí mar bhall gníomhach iontu. Is deiseanna iontacha iad na cumainn seo cairdeas nua a cruthú agus do scileanna agus buanna a fhorbairt. Idir DCUfm, an leabharlann agus an ghiomnáisiam, tá áiseanna den chéad scoth againn ar champas, bain úsáid as na seirbhisí seo a chuirfidh le saibhreas do shaol mar mhac léinn.

4.Bí Cúramach: Is cathair ollmhór í Baile Átha Cliath. Is cinnte go mbaineann an-chuid craic agus spraoi léi, ach cosúil le gach aon chathair eile caithfear a bheith cúramach agus tú amuigh ar an tear déanach san oíche. Tá taobh garbh le gach cathair agus ní haon eisceacht í Baile Átha Cliath.

5.Bain taitneamh as!!! Is iad na blianta beaga atá amach romhat ar na blianta is fear i do shaol.

Ellen Ní Churtáin

Image credit: AnneMarie Kelly

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.