Oíche don Chéad Scoth ag Searmanas Bronnta na gCumainn i DCU

Bhí an searmanas bronnta bliantúil 2013 do na cumainn ar fad ar champas DCU ar siúl ar an Máirt, an 2ú Aibreán sa Crown Plaza, Seantrabh. Eagraítear an ócáid seo gach bliain chun tiomantas na cumann agus an obair dian a dhéanann siad i rith na bliana a cheiliúradh agus a aithint. Le saol na cumann beoga in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, bíonn oíche den scoth geallta i gcónaí agus ní raibh an bliain seo difriúil ar chor ar bith.

Comórtas fíochmhar a bhí ann le breis agus nócha cumann ag dul in iomaíocht lena chéile chun deich nduais a bhaint amach. Bhí atmaisféar spreagúil le sonrú san seomra don oíche ar fad. Labhair Uachtarán na hOllscoile, an t-ollamh Brian Mac Craith ag tús na hoíche agus dúirt sé gur dúradh uair amháin go raibh an campas in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath leadránach ach go raibh sé soiléir an oíche sin go bhfuil feabhas mór tar éis teacht ar an scéal.

Is croí agus anam iad na cumainn in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath don Ollscoil. Is beag lá nach bhfuil rud éigin ar siúl ar champas. Ní féidir dul isteach sa Hub gan póstaer nua a fheiceáil ag déanamh fógraíocht ar ócáid atá á eagrú ag cumann éigin. Bíonn mo bhosca isteach lán gach seachtain le ríomhphoist ó na cumainn éagsúla ag insint dom cad a bheidh ar siúl don seachtain. Caithim mo laethanta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag ól cupán tae leis an Cumann Tae, ag imirt Quidditch le Cumann Harry Potter, ag freastal ar oícheanta traid leis an gCumann Gaelach nó ag baint triail as craoladh raidió le MPS agus níl sé sin ach tús an scéil. Bhí an spiorad pobail atá le feiceáil mór thimpeall an campas, le braitheadh i ngach áit ag an searmanas bronnta.

Ba é ‘Most Promising Fresher’ an chéad duais a thug siad amach agus bhuaigh Lindsay Butler ó RAG é. Ansin bhí na duaiseanna do ‘Individual Contribution to Society Life’ á dtábhairt amach agus bhuaigh cúig duine dhéag ó chumainn éagsúla iad sin. Is iad na daoine seo a leanas a bhuaigh é; Cian McMahon, Claire Healy, Danielle Matthews, Patrick Carberry, Niall McNally, Gemma McLoughlin Burke, Ashley McDonnell, Ian Kavanagh, Jonathan Harte, Stuart Anderson, Laura Rice, Marie-Claire Whelan, Ciara Ennis, Sarah Flanagan, agus Tracey Smith. Bhuaigh an Cumann Stíle an duais don póstaer is fearr leis an bpóstaer a dhear siad don seo faisin. Bhuaigh RAG an duais comhpháirteachas poiblí. Ba é an Cumann Ceol a bhuaigh an duais do mhargaíocht agus cumarsáid. Leis an ócáid ‘DCU’s Best Dance Crew’, bhuaigh an Cumann Damhsa an duais don ócáid is fearr. Is é an Cumann Harry Potter an cumann nua is fearr agus is é LGBTA an cumann is gealladh. Bhuaigh Laura Rice an duais do ‘Society Personality of the Year’.

Ansin don duais deireanach agus b’fhéidir an ceann is fearr, bhuaigh MPS an duais don chumann is fearr. Chuaigh na buaiteoirí ar aghaidh ansin go dtí an leibhéal náisiúnta agus rinne siad ionadaíocht ar DCU ag an searmanas bronnta don Bhord Chumainn na gColáistí Éireannacha.

Elaine Beirne

Image Credit: Conor Palin-Stewart

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.