Gabhann Nuachtán na Trionóide a Leithscéal d’Institiúid Í

D’eisigh nuachtán na Trionóide, “The University Times,” ráiteas ar an 14ú Márta ag gabháil leithscéal le hInstitiúid Í agus a bhunaitheoir, David Quinn mar gheall ar dhá alt a d’fhoilsigh an páipéir i mí Eanáir.
Fuair eagarthóir nuachtáin na Trionóide, Owen Bennett, litir ó Quinn ag rá go raibh sé maslaithe ag dhá alt dar teideal “What Lies Behind The Façade” agus “Queerly Beloved,” a bhí scríofa mar fhreagra ar físeán YouTube ag Institiúid Í, a rinne argóint ar shon pósadh a choimeád idir fear agus bean. Rinne an dhá alt argóint leis na fáthanna a tugann an insitiúid san fhíseán, chomh maith le léargas a thabhairt ar Quinn, atá i gcoinne ginmhilleadh agus pósadh comhghnéis.

Dúradh gur chruthaigh Quinn grúpa fuatha biogóideach; ag déanamh tagairt d’Institiúid Í, institiúid a déanann cuir síos ar fhéin mar ghrúpa a chuireann ‘pósadh agus reiligiún chun cinn sa sochaí.’ Bhí fadhb ar leith ag Quinn leis an chuid d’alt Conor Kenny “What Lies Behind the Façade,” nuair a ceanglaíodh é le reachtaíocht fhrith-aerach in Uganda. Dúirt Quinn go raibh sé “go mór trína chéile” agus a bhraith go raibh “clúmhilleadh pearsanta” déanta air.
Bhí bagairtí an dlí á chuir ar an bpáipéar, ag éileamh leithscéal a fhoilsiú, chomh maith le ceart freagairt a thabhairt do David Quinn. Ghlac an nuachtán leis na coinníollacha seo, agus foilsíodh alt ag Quinn. Admhaíonn an páipéar gur chruthaíodh pictiúir míchothrom de David Quinn, agus gur ‘tráchtaire uasal é ar chúrsaí reiligiúnda agus eachtraí shóisialta.’

Chomh maith le seo, cheartaigh an páipéar ráiteas a d’fhoilsigh siad faoi eachtra ar tharla le Google faoi chinsireacht. Dúradh gur chuaigh Quinn “i gcoimhlint” le Google nuair a dúirt an comhlacht nár bhain siad físeán ag an Institiúid ó YouTube mar gheall ar chinsireacht. In ionad seo, rinneadh soiléiriú ar tríd an alt ar líne a nuashonrú; ar dtús báire chuaigh Quinn “i gcoimhlint” le ráiteas Google, ach ina ndiaidh seo dúirt sé gur ‘uath-mhodh a bhí acu’ a bhí ann.

Dúirt Rónán Burtenshaw san eagarfhocal is deireanaí ag an bpáipéar go seasann foireann an pháipéar lena gcuid tuairisceoireachta agus tá siad ullamh chun í a chosaint. Tá Institiúid Í páirteach sa bhfeachtas ar son na beatha agus sa bhfeachtas i gcoinne pósadh comhghnéis in Éirinn faoi láthair.
Gráinne Ní Aodha

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.