Seachtain na Gaeilge ceiliúrtha ar fud na tíre, le Stormont san áireamh don chéad uair riamh

Sheol Carál Ní Chuilín, an tAire Cultúir, Ealaíon, agus Fóillíochta, Seachtain na Gaeilge 2013 i Stormont ag a haon a chlog ag searmanas speisialta ar 4 Márta. Ba é seo an chéad uair riamh a ceiliúradh an fhéile cháiliúil seo san fhoirgneamh rialtais i dTuaisceart na hÉireann, agus eachtra fhíorthábhachtach ab ea é chun an Ghaeilge a chur chun chinn i measc phobal an tuaiscirt.

Is cosúil mar sin go bhfuil dea-scéal ann don Ghaeilge sa Tuaisceart. Bhunaigh an tAire Carál Ní Chuilín an feachtas “Líofa 2015” in 2011, agus tá sé ag dul ó neart go neart ón uair sin. Is é aidhm an fheachtais ná fáil réidh le dearcthaí diúltacha i leith na Gaeilge i measc an phobail agus ar a mhalairt, an Ghaeilge a chur in iúl do dhaoine mar bhuntáiste áisiúil dearfach agus acadúil. Dúirt an tAire ag an ócáid speisialta go raibh sé mar “onóir ollmhór di chun Seachtain na Gaeilge a sheoladh agus fáilte a chur roimh go leor peileadóirí Gaelacha chomh maith”. Dúirt sí freisin gur “cuid lárnach dár bhféiniúlacht í an teanga Ghaeilge” agus “go bhfuil sí le feiceáil go forleathan i measc na sochaí agus i logainmneacha na hÉireann”.

Táthar ag súil go spreagfaidh Seachtain na Gaeilge 2013 daoine a chlárú le Líofa 2015 agus go mbeidh sé níos mealltaí d’fhoghlaimeoirí Gaeilge atá ar bhunléibhéal nó fiú do dhaoine a bhfuil cúpla focal acu cheana féin. Tá an feachtas ag iarraidh cabhrú le haon daoine atá cumas teanga ar bith acu chun líofacht iomlán a bhaint amach. Dúirt Carál Ní Chuilín go bhfuil sí féin tiomanta chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus go bhfuil 3,617 duine ag glacadh páirte i Líofa 2015 cheana féin. Má tá suim ag éinne glacadh páirt, is féidir clárú do Líofa 2015 ag http://www.dcalni.gov.uk/index/language-cultural-diversity-r08/irish/liofa_initiative_sign_up.htm.

Is í Seachtain na Gaeilge an fhéile Ghaeilge is ceiliúrtha ar fud an domhain agus tá sé iontach le feiceáil go bhfuil sí á ceiliúradh ar fud na tíre iomláine anois, go háirithe toisc gur Bliain na Gaeilge atá ann i mbliana. Bunaíodh Seachtain na Gaeilge 111 bliain ó shin i 1902, agus ní amháin gurb é an ceiliúradh is mó dár dteanga í ach is ceiliúradh iontach dár gcultúr í chomh maith. Is é aidhm Sheachtain na Gaeilge agus Bhliain na Gaeilge an pobal a ghríosú agus a chumasú chun an Ghaeilge a úsáid go rialta, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus fiú na daoine nach bhfuil ach cúpla focal acu. Bhí Seachtain na Gaeilge ag rith ar feadh coicíse ó 4-17 Márta agus bhí go leor eachtraí siamsúla agus imeachtaí spraíúla (le breis is 750 cláraithe go hoifigiúil), ar siúl ar fud na tíre chun ár dteanga dúchais agus ár gcultúr a cheiliúradh. Agus le dul chun cinn na teicneolaíochta, bhí deis ag an bpobal coinnigh suas leis na himeachtaí ar fad ar aip nua Sheachtain na Gaeilge atá ar fáil d’úsáideoirí Android, iPhone agus fóin chliste.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil iarrachtaí Bhliain na Gaeilge 2013 ag obair agus go bhfuil an Ghaeilge ag borradh is ag fás go forleathan.

Gluais:

Féiniúlacht- identity

Logainmneacha- place names

Tiomanta- committed

Orla Mc Gettigan

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.