Aip nua seolta chun dul i ngleic le truailliú agus dumpáil mhídhleathach in Éirinn

Seoladh aip nua ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) ar an Máirt seo caite chun dul i ngleic le fadhb na dumpála mídhleathaí in Éirinn. Is é ainm na haipe seo ná ‘See it? Say it!’ agus is acmhainn é do dhaoine chun gearáin a dhéanamh faoi thruailliú.

Leis an aip nua seo beidh úsáideoirí in ann grianghraif a thógáil má fheiceann siad cás ar bith de thruailliú nó dumpáil mhídhleathach. Ansin beidh siad in ann comhordanáidí agus cur síos comair a chur leis an ngrianghraf agus seolfar an tuairisc seo chuig na húdaráis áitiúla.

Beidh líne chabhrach an GCC fós ar fáil – tá na bogearraí nua deartha chun obair in éineacht leis an líne seo. Tá sé ráite ag clárbhainisteoir an GCC, David Flynn, go bhfuil siad ag iarraidh bealaigh níos éasca a chur ar fáil chun tuairiscí mar seo a dhéanamh. Ag caint leis an Irish Times dúirt sé “We want to make it easy for people who ‘See Something’ to ‘Say Something'”.

Forbraíodh an aip seo ag ‘Fusio’, comhlacht atá suite i mBaile Átha Cliath agus atá bainteach le cúrsaí gréasáin agus soghluaiste. Ag an bpointe seo níl an aip ar fáil ach ar an iPhone amháin ach tá leagan Android á fhorbairt faoi láthair.

Spreagann an GCC daoine chun tuairiscí a dhéanamh ar theagmhais ar nós loscadh mídhleathach, diúscairt mhídhleathach, truailliú uisce, bolaithe agus bruscar agus is bealach nua é an aip seo chun tuairiscí mar sin a dhéanamh.

Is é an smaoineamh taobh thiar de láithreacha a chur leis na grianghraif ná go mbeidh na hoifigigh fhorfheidhmithe comhshaoil in ann freagair go tapa nuair a thuairiscítear eachtraí mar seo.

Tá sé ráite ag Joe Crockett ó Chumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach go gcuireann siad fáilte roimh fhorbairt na haipe soghluaiste toisc go gcabhróidh an t-eolas maidir le suíomh go mór le hobair na n-oifigeach.  Tá sé ráite ag Crockett freisin go bhfuil an pobal molta ag na húdaráis náisiúnta áitiúla chun úsáid a bhaint as na bogearraí seo agus chun leanúint ar aghaidh ag baint úsáide as an Líne Ghearán Comhshaoil Náisiúnta. Is rud tábhachtach é seo toisc go bhfuil cabhair an phobail riachtanach chun dul i ngleic le mionlach na sochaí a chuireann an timpeallacht i mbaol le gníomhaíochtaí míchuí agus mídhleathach.

Is féidir an aip a íoslódáil ón iTunes App Store nó ón leathanach gréasáin seo: http://goo.gl/gOJMa.

Saoirse Smith

Gluais:

Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil- Environmental Protection Agency

Comair- concise

Diúscairt- disposal

Truailliú- pollution

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.