58 faoin gcéad de dhéagóirí ag tnúth le fostaíocht a fháil i ndiaidh dóibh an coláiste a fhágáil

Thaispeáin an suirbhé ar dhéagóirí agus airgead, curtha le chéile ag Conradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa, go bhfuil buairt ar suas le 80 faoin gcéad de dhéagóirí faoi chostais a bhaineann le hoideachas tríú leibhéal.

Bhí sé mar aidhm ag an suirbhé breathnú ar thuiscint agus mheoin airgeadais dhéagóirí i leith caiteachais agus airgid a shábháil. Bhí 250 déagóir páirteach sa suirbhé, iad idir trí bliana déag d’aois agus naoi mbliana déag d’aois.

Thaispeáin an suirbhé go bhfuil 80 faoin gcéad de dhéagóirí buartha faoi chostais bainteach le hoideachas tríú leibhéal. Tá 58 faoin gcéad ag súil le fostaíocht a fháil in Éirinn tar éis dóibh an coláiste a fhágáil. Dúirt 72 faoin gcéad de na déagóirí gur labhair a dtuismitheoirí leo faoi staid airgeadas an teaghlaigh le linn an dá mhí dhéag taobh thiar dúinn. Dúirt 44 faoin gcéad go raibh tionchar mór ag an gcúlú eacnamaíochta ar a dteaghlaigh.

Faigheann 51 faoin gcéad de dhéagóirí airgead óna dtuismitheoirí agus caitheann níos mó ná 50 faoin gcéad dóibh siúd mórchuid an airgid, gan ach beagán a shábháil. Tá tromlach na coigilteoirí ag cur airgid ar leataobh chun oideachas tríú leibhéal a maoiniú.

Dúirt 51 faoin gcéad de na hagallaithe go bhfaigheann siad airgead póca óna dtuismitheoirí gach seachtain. Dóibh siúd a bhfaigheann airgead póca, dúirt duine as gach triúr go bhfaigheann siad idir deich agus cúig euro déag agus dúirt duine as gach ceathrar go bhfaigheann siad idir fiche agus cúig euro is fiche.

Dúirt 17 faoin gcéad go gcaitheann siad an t-airgead go léir agus dúirt 51 faoin gcéad go gcaitheann siad an chuid is mó, ach go sábhálann siad cuid bheag de. Dúirt 30 faoin gcéad go sábhalann siad an chuid is mó dá n-airgead agus dúirt ach 2 faoin gcéad go sábhálann siad a airgead póca go léir.

I measc na gcoigilteoirí, dúirt níos mó ná 26 faoin gcéad go raibh airgead á shábháil acu d’oideachas tríú leibhéal agus dúirt 24 faoin gcéad go bhfuil airgead á chur ar leataobh acu chun go mbeidh siad in ann dul ar saoire.

I measc na ndéagóirí a cuireadh agallamh orthu, ní raibh post páirt-aimseartha ach ag 16 faoin gcéad agus ba é aon uair déag in aghaidh na seachtaine an meán a bhí ar uaireanta oibre na ndéagóirí.

Dúirt 72 faoin gcéad gur labhair a dtuismitheoirí leo faoi staid airgeadas an teaghlaigh le dhá mhí dhéag anuas agus creideann 90 faoin gcéad de dhéagóirí go raibh tionchar ag an gcúlú eacnamaíochta ar a dteaghlaigh.

Dúirt naonúr as gach deichniúr go bhfuil sé mar phlean acu tabhairt faoi oideachas tríú leibhéal ach dúirt ochtar as gach deichniúr go bhfuil siad fíorbhuartha le costais a bhaineann le saol na hollscoile.

Tá súil ag 58 faoin gcéad go mbeidh siad in ann teacht ar fhostaíocht in Éirinn tar éis na hollscoile ach dúirt 80 faoin gcéad go rachadh siad ar imirce mura féidir leo teacht ar fhostaíocht in Éirinn.

Dúirt Uachtarán Chonradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa, Jimmy Johnstone, go ndearna siad an taighde seo chun go mbeadh tuiscint níos fearr ag comhair chreidmheasa ar riachtanais dhéagóirí ó thaobh airgid agus an cúlú eacnamaíochta de.

Fiach Mac Domhnaill

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.