Seanadóirí Meiriceánacha ag lorg stádas dlíthiúil le haghaidh inimircigh mhídhleathacha

Tá sé ráite ag grúpa Seanadóirí Meiriceánacha go bhfuil siad ag féachaint ar reachtaíocht a chuirfeadh inimircigh mhídhleathacha ar cumas iarratais a dhéanamh le haghaidh saoránachta go dlíthiúil. Nochtaigh an ngrúpa seo – ina n-airítear polaiteoirí Daonlathaigh agus Poblachtaigh –nach molfaidís an plean go dtí go bhfuil teorainneacha na tíre níos daingne.

Is ábhar dóchais é an reachtaíocht seo do na 11 milliún atá ina gcónaí i Meiriceá gan cead cónaithe, leis na mílte Éireannacha san áireamh. Faoin togra nua seo, bheadh cead ag inimircigh gan cháipéisí clárú leis an rialtas agus fíneáil a íoc. Ansin bheadh stádas dlíthiúil sealadach acu ionas go mbeadh siad in ann oibre. Bheadh orthu iarratais a dhéanamh ansin le haghaidh stádas buan.

Ní hé seo an chéad uair a moladh plean mar seo. Chonacthas plean den chineál céanna in 2007 ach níor mhair sé mar gheall ar easaontas maidir le tráthúlacht an phlean. Is cosúil go bhfuil níos mó dóchais ann anois. Luaigh Uachtarán na Stáit Aontaithe, Barack Obama, ceist na n-inimirceach mar chuid dá chlár oibre nuair a thug sé mionn oifige don dara uair an mhí seo caite. Fuair an tUachtarán tacaíocht mhór sa toghchán is déanaí ó vótálaithe Easpáinneach, pobal eile a mbíonn baint acu le hinimirce mhídhleathach freisin.

Duine amháin a thugann creidiúnacht don phlean seo, go háirithe i measc polaiteoirí Poblachtaigh, ná  Marco Rubio, polaiteoir Cúbach-Meiriceánach atá tar éis tacaíochta a fháil dá mholtaí ó roinnt coimeádaigh a bhfuil tionchar acu.

Bíonn Rubio luaite go minic mar iarrthóir féideartha ag an bPáirtí Poblachtach sa chéad toghchán uachtaránachta eile, agus má tá sé in ann na reachtaíochta seo a chuir i bhfeidhm is féidir go bhfaighidh sé níos mó tacaíochta ón dream seo sa todhchaí.

Is ábhar crua é an inimirce le roinnt blianta anuas sna Stáit Aontaithe, go háirithe toisc go bhfuil bun ag roinnt grúpa sainleasmhar iontu, gnólachtaí agus ceardchumainn araon. Tá gnólachtaí ann a bhfuil ag lorg oibre, agus ceardchumainn atá buartha faoin tionchar a bheadh ag níos mó saothair inimircigh ar ráta pá.

Chomh maith le ceist na saoránachta, tá spriocanna eile leagtha amach ag na seanadóirí: oibrithe ardcháilithe a mhealladh agus a choimeád; córas a chruthú chun cosc a chur ar ghoid chéannachta agus córas a bhunú chun oibrithe neamhoilte a thabhairt isteach agus cearta oibrithe a thabhairt dóibh ag an am céanna.

Tá sé ráite ag an Uachtarán go bhfuil sé ag súil le leasuithe maidir leis an gceist seo le linn na sé mhí atá romhainn.

Saoirse Smith

Gluais:

Inimircigh mhídhleathacha- illegal immigrants

Saoránacht- citizenship

Coimeádaigh- conservatives

Grúpa sainleasmhar- special interest group

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.