Pápa amháin eile tar éis Benedict XVI ?

Ní hé Naomh Maoileachlainn ceann de na Naoimh is cáiliúla ach tá a ainm ag teacht chun cinn de bharr an fholúntais atá le líonadh i ról an Phápa.

Ceaptar gurbh é Naomh Maoileachlainn a scríobh ‘Fáistine na bPápaí’, liosta de na Pápaí uile a mbeidh ann roimh a thagann deireadh leis an saol mar atá aithne againn air agus tús leis an apacailipsis.

Deirtear gur scríobhadh an Fháistine i 1139 agus gur thángthas air sa bhliain 1590. Is liosta é a thuarann aitheantas nó tréithe na bPápaí uile a mbeidh ann idir an t-am inar scríobhadh é agus deireadh na hEaglaise.

Cé nach ndearbhaíonn an Eaglais Chaitliceach go bhfuil an Fháistine barántúil, tá sé ráite go raibh rath ar leith ag an bhFáistine go dtí seo. Foilsíodh é i 1595 ach ní féidir a bheith cinnte gur scríobhadh sa dara chéad déag é nó ar scríobhadh go cúlghabhálach é.
I gcás na hargóinte nach bhfuil an liosta seo barántúil, tá fíricí stairiúla ann ar chúlra na bPápaí a luaitear roimh 1590 ach níl ach tagairtí doiléire ann sna Pontaifeachtaí níos déanaí. An tábhacht a bhaineann leis an liosta seo na go maíonn sé líon na bPápaí a thuaradh ón am inar scríobhadh é go haimsir dheireadh na hEaglaise. Tuarann sé go mbeidh dáréag is céad Pápa ann ón am a scríobhadh é. Is é Celestine II an chéad Phápa a bhí ann tar éis don Fháistine a bheith scríofa agus is é Benedict XVI an t-aonú Pápa dhéag is céad.

Scríobhadh an Fháistine sa Laidin. Sliocht atá ann ná:

“In persecutione extrema S.R.E. sedebit.
Petrus Romanus, qui pascet oves in multis tribulationibus, quibus transactis civitas septicollis diruetur, & judex tremedus judicabit populum suum. Finis.”

Aistriúchán Béarla atá ar seo ná:

“In the extreme persecution of the Holy Roman Church, there will sit [i.e., as bishop].
Peter the Roman, who will pasture his sheep in many tribulations, and when these things are finished, the city of seven hills will be destroyed, and the terrible judge will judge his people. The End.”

Níor thóg aon Phápa an t-ainm Peadar i ndiaidh don chéad Phápa, deisceabal Íosa, ach níl sé sin le rá nach dtógfaidh an chéad Phápa eile an t-ainm. Fear amháin atá chun cinn sa toghchán atá le teacht ná Peter Turkson, Cairdinéal ó Gána.

Cé go bhfuil níos mó ná cathair amháin ina ghlaoitear ‘cathair na seacht gcnoc’ orthu, is é an Róimh an chathair is mó aitheantas cé go nglaoitear ‘cathair na seacht gcnoc’ ar Iarúsailéim freisin.

Tá níos mó sonraí ar an sliocht le fáil ag http://en.wikipedia.org/wiki/Prophecy_of_the_Popes#Popes_1590_to_present

Fiach Mac Domhnaill

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.