56% de theaghlaigh na tíre i bhfiachas mar gheall ar bhillí riachtanacha

Bíonn níos mó ná leath de theaghlaigh na tíre ‘sa dearg’ maidir lena n-airgeadas de dheasca billí ginearálta riachtanacha. Araon leis an gcostas maireachtála ard agus na tuarastail ísle, bíonn ar theaghlaigh iasachtaí a fháil chun rudaí cosúil le teas agus morgáiste a íoc. Sin de réir taighde nua a rinne uSwitch.ie, an tseirbhís neamhspleách a dhéanann comparáid praghasanna.

Bíonn ar breis is ceithre theaghlach as deich cárta creidmheasarótharraingt bainc a úsáid chun iad a íoc agus úsáideann teaghlach amháin as deich iasachtaí bainc chun glacadh leis na billí go léir. Ina dteannta sin, nochtaigh 57% de theaghlaigh na hÉireann go mbíonn orthu airgead a thógáil as a gcuntas coigiltis nó fiú cabhair a fháil óna gcomhluadar nó a gcairde chun cloígh lena n-íocaíochtaí.

Is léiriú fíoréadóchasach é toradh na taighde seo faoin gcruachás a mhothaíonn muintir na hÉireann agus a leanann an géarchor chun donais eacnamaíoch ar aghaidh. Tá an iomarca teaghlach ag fulaingt faoin mbrú atá curtha orthu de dheasca staid na tíre agus is dócha go bhfuil cúrsaí leictreachais mar cheann de phríomhchúiseanna an bhrú seo. D’admhaigh 62% de dhaoine go mbíonn siad buartha faoi bhillí leictreachais agus bítear ag gearradh siar ar úsáid fearas leictreach dá bharr.

Chomh maith le sin, nochtaigh 63% go bhfuil tionchar láidir ag an méadú sa bhillí leictreachais ar a n-ioncam indiúscartha agus nach bhfuil mórán fágtha acu dóibh féin i ndiaidh gach bille a íoc. Chonacthas méadú in úsáid na suíomhanna a dhéanann comparáid praghasanna idir comhlachtaí éagsúla mar sin.

“Léiríonn an chaoi ina bhfuil teaghlaigh curtha i bhfiachas agus iad ag íoc as a mbillí go léir an brú ollmhór airgeadais a bhfuiltear faoi agus muid in 2013”, arsa Eoin Clarke, príomhoifigeach feidhmiúcháin ar uSwitch.ie

“Agus a ardaíonn an costas maireachtála go leibhéal dochreidte, níl na hioncaim go léir ag cloígh leis agus is iomaí teaghlach atá i dtrioblóid dá dheasca.

“Seo an fáth go bhfuil sé fíorthábhachtach do thomhaltóirí go bhfuil chomh lú agus is féidir leo á íoc acu ar na billí riachtanacha agus cuirfidh seo an t-airgead atá de dhíth acu ar ais sna sparáin”.

Maíonn an tUasal Clarke gur féidir neart airgid a shábháil trí bheith glic le húsáid na bhfearas agus fiú má athraítear an soláthraí leictreachais.

“D’fhéadfadh le daoine timpeall ar €254 a shábháil trí athrú a dhéanamh ar a soláthraí leictreachais amháin.

“Is fusa ciorruithe eile a dhéanamh ar an méid atá á íoc agat trí dhochar díreach nó leas a bhaint as plean ar líne”.

Tháinig uSwitch.ie ar an bhfód sa mhargadh Éireannach i mí Eanáir 2013. Tugann an chuideachta comparáid praghasanna agus aistriú seirbhísí oibiachtúil neamhspleách agus saor in aisce ar fáil do thomhaltóirí. Is mar sprioc acu ná go mbeidh sé níos éasca do theaghlaigh comparáid a dhéanamh idir praghasanna, airgead a shábháil ar a mbillí rialta agus na tairiscintí is fearr a aimsiú.

Derek O’Brien

Gluais:

Cárta creidmheasa- credit card

Rótharraingt bainc- bank overdraft

Cuntas coigiltis- savings account

Ioncam indiúscartha- disposable income

Dochar díreach- direct debit

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.