Fleadh Cheoil na hÉireann ar ais san Iarthar le Clár diúltaithe arís

Fógraíodh go mbeidh Fleadh Cheoil na hÉireann 2014 ar siúl i mbaile Shligigh. Tar éis d’Ardchomhairle Chomhaltais Ceoltóirí Éireann bualadh le chéile thar an deireadh seachtaine deireanach i mí Eanáir, chinn siad Fleadh Cheoil na hÉireann 2014 a bhronnadh ar an gcontae san Iarthar. Is é an chéad uair go mbeidh an fhéile cheoil ar siúl sa bhaile ó 1991.

Mhol Cathaoirleach Choiste Fleadh Cheoil Sligigh, Bartley Gavin, an cinneadh agus dúirt sé gur iontach an nuacht é do lucht cheoil traidisiúnta an cheantair agus don réigiúin uile araon.

“D’oibrigh muid go crua chun cinntiú go dtagadh an Fleadh ar ais go Sligeach, agus táimid buíoch as an Ardchomhairle as ucht Fleadh Cheoil na hÉireann a bhronnadh ar Shligeach in 2014.”

Rinne Bainisteoir Chontae Shligigh, Hubert Kearns, comhghairdeas le Craobh Fred Finn ar a n-iarratas rathúil a bheith mar ósta. Dúirt sé go gcabhróidh sé seo le hoidhreacht chultúrtha Shligigh a chur chun cinn. Ba iad Droichead Átha agus Inis na bailte eile a bhí in iomaíocht le Sligeach.

D’eisigh Comhairle Chontae an Chláir preasráiteas ag cur in iúl an díomá a bhí orthu nár bronnadh an deis Fleadh Cheoil na hÉireann a óstáil in 2014 ar Inis. Chaill an baile amach ar an deis an fhéile a óstáil in 2012 agus 2013 freisin. Ba é 1977 an bhliain dheireanach a raibh Inis i gceannas ar an bhféile seo.

Níor óstáil Droichead Átha an fhéile go dtí seo agus ba é an chéad uair don bhaile iarratas a chur isteach le bheith i bhfeighil ar Fhleadh Cheoil na hÉireann.

Dar le Fáilte Ireland, meallann an Fleadh Cheoil 300,000 duine chuig an mbaile óstaigh le linn na coicíse ina mbíonn sé ar siúl. Gineann an fhéile €40 milliúin don gheilleagar áitiúil agus bíonn 10,000 ceoltóir ag glacadh páirte ann.

I mbliana, beidh Fleadh Cheoil na hÉireann lonnaithe i nDoire. Is é an chéad uair i  dtréimhse seasca bliain go mbeidh an Fleadh Cheoil i dTuaisceart na tíre, i gcónasc le Doire a bheith mar chathair chultúir na Ríochta Aontaithe. Tosaíonn an Fleadh ar 12 Lúnasa agus leanann sé go 18 Lúnasa, go hoifigiúil.

Is féile náisiúnta cheoil traidisiúnta é Fleadh Cheoil na hÉireann a mbíonn ar siúl i Mí Lúnasa gach aon bhliain. Tá cur síos le fáil ar shuíomh idirlín na féile chomh maith.

“Is í sprioc na féile ceoil iontach seo ná caighdeáin a leagan síos i gceol traidisiúnta na hÉireann trí chomórtas. D’fhorbair an Fleadh go príomha mar imeacht comórtais ach bíonn ceolchoirmeacha, céilithe, paráidí agus seisiúin sráide ar siúl.”

Bíonn níos mó ná 20,000 iomaitheoir ann, cuid dóibh ag teacht ón mBreatain agus Stáit Aontaithe Meiriceá.

Fiach Mac Domhnaill

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.