Tionscnamh nuálach do dhaoine faoi míchumas intleachta tosaithe ag mac léinn ó OCBÁC

Ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumais ag tús na míosa seo. Tá sé oiriúnach, mar sin, go bhfuil tionscnamh nuálach á thosú agus á reáchtáil ag mac léinn de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a bhfuil baint díreach aige leis an topaic seo.

Tá Liam Redmond, mac léinn Fiontar atá ina bhliain dheireanach sa chúrsa Gnó agus Gaeilge, tar éis a bheith ag obair le daoine faoi mhíchumais intleachta ar feadh sé bliana anois, trí Chluichí Oilimpeacha Speisialta Éireann. Ní thaitníonn an spórt le Liam, áfach, agus thuig sé trína chuid oibre leis na Cluichí Oilimpeacha Speisialta, nach bhfuil an spórt feiliúnach  do gach duine mar chaitheamh aimsire. Is de thoradh ar seo a bheartaigh Liam ar HeadstARTS a bhunú.

Is eagraíocht é HeadstARTS a mbeidh ag díriú ar na healaíona níos mó ná an spórt. Beidh an clár nua ag tosú in Eanáir 2013, agus beidh an eagraíocht ag cur ranganna ar na healaíona ar fáil dóibh siúd atá faoi mhíchumais intleachta.

Tá HeadstARTS ina hóige fós, agus mar sin, tosóidh Liam agus a fhoireann le dhá chlub HeadstARTS. Beidh club amháin bunaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ag riaradh na seirbhíse i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Beidh club eile bunaithe i mbaile Chill Mhantáin, baile dúchais an Uasail Redmond.

Tosóidh na clubanna ar 7 Eanáir 2013, ag cur ranganna drámaíochta, ealaíne agus damhsa ar fáil. Reachtófar na ranganna gach seachtain, i gcomhréireacht leis an bhféilire acadúil. Tiocfaidh an dá chlub le chéile i Mí na Bealtaine 2013 agus beidh siad in iomaíocht lena chéile sna trí chatagóir atá bunaithe sna healaíona.

Dar leis an mBunachar Sonraí Náisiúnta do Mhíchumas Intleachta, tá níos mó ná 25,500 duine in Éirinn cláraithe le míchumas intleachta i láthar na huaire. Tá sé i gceist ag HeadstARTS réimse leathan gníomhaíochtaí a chuir ar fáil do dhaoine le míchumais intleachta de gach aoisghrúpa chun gur féidir leo a bheith gníomhach agus forbairt phearsanta a dhéanamh.

“Bíonn gach rud faoi na Cluichí Oilimpeacha Speisialta dírithe ar an spórt agus bíonn daoine ag dul ann díreach ar mhaithe rud éigin a dhéanamh, ach níl aon fhorbairt phearsanta á dhéanamh acu.

“Creidim go láidir, má tá suim agat in aon ghníomhaíocht faoi leith, beidh tú in ann forbairt a dhéanamh ann.”

Is eagraíocht an-oscailte í, níl aon próiseas roghnúcháin i gceist leis. Beidh an tréimhse le teacht mar chineál scéim phíolótach, ach tá pleananna ag Redmond an scéim a scaipeadh go náisiúnta. Tá sé i gceist aige clubanna a bhunú ar fud na tíre agus go mbeadh “comórtais ar leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta thar thréimhse trí bliana.”

Is ar obair dheonach a mbeidh an eagraíocht seo bunaithe agus beidh cabhair de dhíth ar ndóigh.

“Is féidir linn leas a bhaint as gach uile dhuine” a deir Redmond.

I dteannta sin, beidh siad ag iarraidh an chlub a mhaoiniú trí dheontais agus trí ghníomhaíochtaí tiomsaithe airgid a reáchtáil. Tá Niamh Ní Dhonnabháin mar rúnaí le HeadstARTS agus tá sí i gceannas ar an roinn drámaíochta freisin.

“Tá deiseanna iontacha ann do dhaoine le míchumais intleachta.

“Tá suim mhór agam anois ann mar go mbainim an-taitneamh as an obair a bhaineann le HeadstARTS. Tá sé thar a bheith spéisiúil agus faighim mo luach saothair ón obair a dhéanaim.”

Is é an mana atá ag HeadstARTS ná: “Why try to fit in, when you were born to stand out?”  Is dócha go ndéanann sé sin cur síos éifeachtach ar an meon atá taobh thiar den eagraíocht nuálach bheoga seo.

Máire Áine Ní Shúilleabháin

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.