Foréigean i mBéal Feirste tar éis chinneadh na gcomhairleoirí

Gortaíodh beirt bhall de Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) tar éis do na céadta agóideoirí cur i gcoinne cinneadh chomhairleoirí Bhéil Feirste ar Luan 3 Nollaig. Bheartaigh na comhairleoirí brat na Ríochta Aontaithe a chur ar foluain 15 lá in aghaidh na bliana, in ionad é a bheith curtha ar foluain 365 lá in aghaidh na bliana mar atá faoi láthair.

D’úsáid póilíní smachtíní agus madraí chun agóideoirí a bhrú amach ó chlós Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Rinneadh damáiste do charranna de chuid comhaltaí den chomhairle agus foireann Halla na Cathrach. Dar le tuairiscí, gortaíodh oibreoir slándála na comhairle agus bhí cuid den lucht agóide ag caitheamh scaifeanna thar a n-aghaidheanna.

Níos luaithe sa lá, vótáil comhairleoirí 29-21 i bhfabhar polasaithe Stormont agus foirgnimh rialtais eile an Thuaiscirt a ghlacadh maidir le cur ar foluain bhrat an Aontais ar laethanta áirithe.

Seachtain dár gcionn, vótáil coiste polasaí straitéiseach agus acmhainní na comhairle 11-9 i bhfabhar an bhrait a bhaint go huile is go hiomlán. Bhí gá leis an gcinneadh seo a dhaingniú i gcruinniú iomlán na comhairle.

D’oscail Halla na Cathrach in 1906 agus cuireadh brat an Aontais ar foluain ar chrann brait i lár an fhoirgnimh on lá sin ar aghaidh.

Dúirt an SPTÉ go raibh beirt phóilíní tógtha chun ospidéil ach nach raibh a ngortaithe bagrach dá mbeatha.

Dúirt urlabhraí gur scaip an foréigean go ceantair eile i mBéal Feirste.

Dúirt Comhalta Shinn Féin den Tionóil Reachtach Gerry Kelly, atá mar bhall de Bhord Póilíneachta Thuaisceart Éireann, go bhfuil ceisteanna móra le freagairt ag an SPTÉ i leith láimhseáil na faidhbe.

Labhair sé ó Halla na Cathrach. “Caithfidh mé a rá, agus ní úsáidim na focail seo mura bhfuil mé dáiríre, ba náire an t-oibriúchán póilíneachta – nó an easpa oibriúcháin phóilíneachta a bhí ann.”

“Da mba rud é gur 1,000 Poblachtánach a mbeadh ann, bheadh rudaí an-difriúil ar fad. Ní ligfidís go mbeadh na hagóideoirí in ann teacht isteach ar chúl an Halla.”

“D’ionsaigh siad carranna gan idirdhealú a dhéanamh. Tá an t-ádh dearg orainn nár éirigh leo teacht isteach san fhoirgneamh nó d’fhéadfadh muid a bheith ag déileáil le cuid mhaith ghortaithe eile.”

Dúirt an tAontachtaí Ultach Jim Rodgers nach raibh ionadh air go raibh foréigean ann.

“Tá fíorfhearg ar dhaoine. Ní féidir liom foréigean a spreagadh ach ní thuigeann daoine cé chomh láidir a mhothaíonn muintir Thuaisceart na hÉireann faoin mbrat a chur ar foluain ar bharr Halla na Cathrach.”

Dúirt Maire Hendron ó Phairtí an Chomhaontais gur eagraíodh an foréigean trí na meáin shóisialta.

“Ba thubaiste anocht é don chathair.”

Fiach Mac Domhnaill

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.