An Bhfuil Aithne Agaibh ar a Chéile?

“Go mbeanfaidh Dia daoibh agus fáilte chuig seó na seachtaine seo ag Comhrá” an mana a leanann an ceol sainaithne atá ag an gclár teilifíse, ‘Comhrá’ curtha i láthair ag Máirtín Tom Sheáinín. Ansin cuireann Máirtín an t-aoi atá ann don oíche in aithne agus labhraíonn said faoi shaol an aoi.

Is é aidhm an chláir ná an gnáthdhuine a chuir in aithne don phobal mór. Ach, cé chomh sainaithne is atá Máirtín é féin? Nó aon láithreoir carasmatach na Gaeilge? Ní amháin i measc Gaeilgeoirí ach i measc phobal an Bhéarla chomh maith. Nach aisteach an rud é dá mbeadh an láithreoir is fearr sa tír againn mar láithreoir Gaeilge, agus go dtabharfaimis neamhaird air nó uirthi mar gheall ar…bhuel, cad a bheadh mar fháth againn?

Ach, nach bhfuil Eoghan Mac Diarmada, iar-láithreoir Pop4 i bhfad níos cáiliúla anois agus é i gcroílár chlár Béarla? Nach bhfuil an slua de dhéagóirí aige tar éis fásadh aníos ó d’fhág sé an clár? Ní dóigh liom é. Ó d’fhág sé an chlár, níl faic feicthe dó ach a phictiúr san ‘RTÉ Guide.’ Ní ag dul chuig ceolchoirm chun tuairisc as Gaeilge a thabhairt atá sé a thuilleadh, ach ag suí i stiúideo, ag fanacht lena phost i ngairm a bhfuil suimiúil, ach a bhaineann cáil amach dó chomh maith. Tá sé imithe ar shlí an cáile, cosúil le Sharon Ní Bheoláin agus Daithí Ó Sé.

Tá seo ag déanamh neamhairde cheart ar an rath a bhfuil caillte (nó nach raibh ag an gclár riamh) ag ‘Clár an Airgid.’ Gheallaim daoibh go bhfeicfimid é, nó ní thabharfaimid aird ar bith di, ag feo go faic cosúil le ‘Four Live’ agus ‘The Daily Show,’ agus na cláir eile sin a thugann poist do láithreoirí ach a dhéanann beag eile i rith a saoil ré gearr.

An sainmhíniú ar ‘láithreoir,’ ná “I raidió, i dteilifís; duine a chuireann seó in aithne, a ceanglaíonn ábhair, chuireann daoine faoi agallamh etc; óstach.” Ach tá brí níos doimhne ná sin aige. Is gá do láithreoir a bheith mealltach, bríomhar ach gan a bheith gobach leis an lucht féachana, nó gan a bheith de shíor ag léamh as script. B’shin an rud mórthaibhseach faoi Mhac Diarmada, nó McDermott mar a ghlaonn sé ar féin anois; agus é ag déanamh agallaimh- ní bheadh a fhios agat cad a bhí sé ar tí a dhéanamh.

Tá Hector ag dul sa treo ceart ach tríd an meán mícheart a dhéanann sé an chuid is mó dá chraoladh. An insíonn sé seo rud beag dúinn faoin nGaeilge? Nach bhfuil an tsolúbthacht aici a bheith spraíúil agus a labhairt go nádúrtha cosúil leis an mBéarla?

Cuireann sé thú ag smaoineamh; dá mbeadh an deis agat, an bpiocfá an cháil thar gach rud eile? Thar do chlann is do chairde, do chuid eiticí agus príobháideachais agus na rudaí eile i do shaol a thaithíonn leat agus go mbraithfeá uait iad?

Gráinne Ní Aodha

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.