Pinsin de luach €4.3 milliúin á íoc ag Údarás na Gaeltachta

Tá beagnach leath de bhuiséad Údarás na Gaeltachta á chaitheamh ar phinsean iar-fhostaithe a íoc. Tháinig an t-eolas seo chun cinn ag Comhchoiste Oireachtais, áit a bhí Airí Jimmy Deenihan agus Donnchadh Mac Fhionnlaoich ag freagairt ceisteanna ar chaiteachas sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Dheimhnigh an tUasal Mac Fhionnlaoich gur chaith an tÚdarás €4.3 milliúin dá mbuiséad €9.8 milliúin ar phinsean iar-fhostaithe i 2012.
Ag labhairt faoi caitheamh an bhuiséid, dúirt an Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh, gur cúis imní é an méid airgid atá á íoc agus líon na n-eagraíochtaí Stáit eile atá i staid cosúil le hÚdarás na Gaeltachta. Dúirt sé go mbeadh miondealú chaiteachais níos sonraí á iarraidh aige.

“Ba bheag nár thit mé as mo chathaoir nuair a chuala mé go dtéann beagnach leath den chaiteachas ar íocaíochtaí phinsin 136 duine, nach bhfuil á fostú ag an eagraíocht a thuilleadh.

“Ní haon ionadh é nach féidir leis an Údarás feidhmiú níos éifeachtaí.”

Tagann sé seo i ndiaidh nochtadh eolais ar ghearradh siar 68% ar bhuiséad na Gaeltachta agus na nOileán idir 2008 – 2012.
Dúirt Seanadóir Ó Clochartaigh nach bhféidir “glacadh le tuile giorrúcháin sna réimsí seo tar éis teacht chun cinn an eolais seo.”

Dúirt sé go raibh cuid cothrom an ualaigh tógtha ag Gaeilgeoirí agus muintir na nGaeltachtaí mar thoradh ar pheacaí na mbaincéirí.
Cháin sé an Rialtas faoin damáiste atá á dhéanamh acu ar shaol agus thodhchaí na Gaeltachta leis na giorrúcháin atá á gcur i bhfeidhm acu.

D’fhógair an tAire Donncha Mac Fhionnlaoich go mbeidh bord nua ar Údarás na Gaeltachta. Beidh dáréag comhaltaí ar an mbord in ionad 20 mar a bhíodh. Nuair a foilsíodh Acht na Gaeltachta 2012 i mí Iúil, bhí sé mar phríomhfheidhm ag an reachtaíocht an cur chuige agus an próiseas roghnúcháin Bhord Údaráis na Gaeltachta a athchóiriú. Tá sé mar príomhfheidhm ag an reachtaíocht go mbeidh tionchar ag Údarás na Gaeltachta i bpróiseas pleanála teanga sna ceantair Ghaeltachta.

Tá an tÚdarás ann chun tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí atá ag ullmhú pleananna, ach is ag an Aire a mbeidh an focal scoir chun na pleananna a cheadú.

Ag labhairt le Raidió na Gaeltachta, dúirt an tAire “Is cinnte go bhfuil am dúshlánach roimh Údarás na Gaeltachta ach rachaidh an cumas, an taithí agus an réimse leathan scileanna atá ag na comhaltaí seo go léir chun sochar go mór d’Údarás na Gaeltachta agus do phobal na Gaeltachta araon sna blianta amach romhainn”.

Le linn na míosa seo, bronnadh €74,738 ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun gach craolacháin ag RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhailiú, ó bhunú an stáisiúin i 1971. Bronnadh €470,000 ar www.abair.ie, tionscadail taighde a sheoladh ag féile bhliantúil Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn i mbliana, freisin.

Fiach Mac Domhnaill

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.