Polaiteoirí fós ábalta tobac a chaitheamh taobh amuigh de Theach Laighean ar bonn “cúinsí sábháilteachta”

Bhí an bua ag “fios gnaithe” i dtithe an Oireachtais ag tús na míosa, sin de réir John Mallon, urlabhraí ar Forest Éireann. D’fhear an tUasal Mallon fáilte is fiche roimh an gcinneadh chun tairiscint maidir le caitheamh tobac san Oireachtas a dhiúltú. Ba é an Comhchoiste um Shláinte agus Leanaí a dhiúltaigh an tairiscint, a raibh chun cosc iomlán a chur ar chaitheamh tobac ar thailte theach an Oireachtais. Dá mba rud é go gceadaíodh an tairiscint, bheadh ar pholaiteoirí tailte an Oireachtais a fhágáil chun toitín a bheith acu.

Ba é an Seanadóir John Crown a chur an tairiscint os comhair na bpolaiteoirí agus é ag iarraidh fáil réidh le gach láthair caite tobac i dTeach Laighean. D’aontaigh baill an Chomhchoiste um Shláinte agus Leanaí le cuspóir Mallon áfach, (líon na gcaiteoirí tobac a laghdú) ach léirigh siad imní faoi shábháilteacht na bpolaiteoirí dá bhfágfaí tailte na háite. In ionad cosc iomlán a chur i bhfeidhm, caitheadh vóta ar son leasú a dtabharfadh tacaíocht do sheachaint shealadach caitheamh tobac.

Is eagras é Forest Éireann a dhéanann stocaireacht ar chearta chaiteoirí tobac agus bhí an tUasal Mallon breá sásta gur úsáid na polaiteoirí “ciall” leis an gcinneadh seo.

“Is táirge dlíthiúil é tobac agus tá caiteoirí tobac i dteideal a dtoitíní a lasadh taobh amuigh den fhoirgneamh, áit nach gcuirfeadh isteach ar aon duine. Ní raibh ach aidhm amháin ag an Seanadóir Mallon agus é sin ná brú a chur ar dhaoine chun éirí as an tobac”.

Dar le Mallon gur chóir go mbeadh an rogha ag an duine féin éirí astu agus go raibh “oideachas i bhfad níos fearr ná comhéigean”.

An fhadhb leis an gcinneadh a rinneadh na polaiteoirí seo ná gur cosúil nach bhfuil mórán airde tugtha air agus gur glacadh leis an tairiscint gan machnamh a dhéanamh ar an scéal. Má chuirtear an toradh seo i gcomparáid le háiteanna poiblí eile, feictear go bhfuil easpa leanúnachais tar éis tarlú.

Leanann iarrachtaí ar aghaidh chun gach ospidéal a athrú go háiteanna iomlán saor ó chaitheamh tobac, rud atá cuma chiallmhar air ar an gcéad dul síos.

Tá an Rannóg Sláinte Poiblí freagrach as tromlach na n-iarrachtaí seo mar gurb iad “an t-eagras náisiúnta um chur chun cinn sláinte, chosaint sláinte agus ghalarchosc”. Dar leo go mbeadh fimíneacht i gceist dá gceadaídís caitheamh tobac timpeall na n-ospidéal.

Ní aontaíonn John Mallon leis na coisc seo agus nochtaigh sé nach féidir iad a chur i bhfeidhm go dlíthiúil.

“Níl aon fhianaise eolaíoch ann nó aon doiciméad taighde foilsithe a thaispeánann go ndéantar dochar do dhaoine eile má chaitear tobac lasmuigh d’fhoirgnimh.

“Ar aon le sin, ní coisc iad seo na cinn ar thailte ospidéal ar chor ar bith mar nach bhfuil tacaíocht ón dlí acu. In ainneoin na gcomharthaí atá curtha suas i roinnt ospidéal, níl aon sárú dlí á dhéanamh ag daoine má lasann siad toitín díreacht lasmuigh den ospidéal.

“Is bréag iomlán é dá ndéarfaí rud difriúil leat agus bheadh an ceart agat a éileamh chun labhairt leis na Gardaí agus cúisimh chiaptha a lorg”.

Níl an bua ag fios gnaithe sna polasaithe bainteach le hospidéil na hÉireann toisc go mbeidh ar othair an áit a fhágáil chun toitín a bheith acu. Níor ceadaíodh an tairiscint san Oireachtas toisc go mbeidh ar pholaiteoirí seasamh os comhair Teach Laighean, agus i measc pobail nach bhfuil sásta leo b’fhéidir. Truflais. Faoin loighic sin, níl polaiteoir sábháilte riamh agus iad ag freastal ar an Dáil nó Seanad. Ach don té a bhfuil tinneas éigin orthu ach go bhfuil toitín á lorg acu chun faoiseamh de shaghas a fháil, is mór an scannal é go mbeidh orthu suíomh an ospidéil a fhágáil go hiomlán.

Derek O’Brien

Gluais:

Fios gnaithe- common sense

Tairiscint- motion

Comhéigean- coercion

Rannóg Sláinte Poiblí- HSE

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.