Easpa eolais nó easpa suime- mic léinn cáinte i ndiaidh Reifreann na Leanaí

Dúirt Teachta Dála Fhine Gael, Alan Farrell, go raibh díomá air nár rith grúpaí mac léinn éagsúla aon fheachtas chun daoine a spreagadh vóta a chaitheamh don Reifreann ar Chearta Leanaí, ag tús na míosa. Bhí Farrell ag tabhairt amach faoi Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), “nach ndearna a ndóthain” chun eolas a thabhairt do mhic léinn faoin reifreann.

Thíos tríd na blianta, bhí deacrachtaí ag mic léinn a vóta a chaitheamh sna toghcháin/reifrinn a tharla i lár na seachtaine, toisc nach raibh said ábalta dul abhaile agus iad ag freastal ar ollscoileanna ar fud na tíre.

Maidir le Reifreann na Leanaí, níor chaith ach 33.5% de dhaoine a vóta. Nil aon sonra oifigiúil ar fáil faoi láthair ar líon na mac léinn agus daoine óga a ghlac páirt agus a d’fhreagair an cheist. Ag an am céanna, ceapadh go mbeadh níos mo daoine ag caitheamh a vóta, go háirithe mic léinn, mar go raibh an reifreann ar siúl i rith na deireadh seachtaine. Bheadh seans ag mic léinn freastal abhaile agus é a dhéanamh, de réir dealraimh.

Dúirt AMLÉ gur eagraigh siad feachtais chlárúcháin agus gur spreag said Aontais na Mac Léinn sna coláistí difriúla chun eolas a thabhairt do mhic léinn ar an ábhar. Ach ní raibh aon fheachtas eolais náisiúnta eagraithe.

Roimh an bpróiseas vótála, dúirt an Tánaiste Eamon Gilmore, go raibh se sásta leis an gcinneadh an Reifreann a chur ar Shatharn. Tharla sé seo (reifreann a rith ar an deireadh seachtaine) “tar eis na mblianta fada d’fheachtais”. Dúirt Gilmore go raibh an topaic “an-bhainteach” don aos óg, go háirithe do dhaoine le deirfiúracha agus deartháireacha níos óige acu.

Cuireadh an cheist ar roinnt mac léinn in OCBÁC, chun a gcuid tuairimí a fháil agus an gceapadh go n-oireann sé níos fearr do mhic léinn a vóta a chaitheamh ar an deireadh seachtaine.

Bhí tuairimí éagsúla le cloisteáil uathu agus dar le mac léinn amháin nach raibh “iomlán eolais ar fáil do lucht na vótálaithe”.

Cheap mac léinn eile go bhfuil sé níos fearr é a chur ar siúl i rith na seachtaine mar go mbíonn an iomarca ar siúl ag daoine le linn na deireadh seachtaine. Ag an am chéanna, “an rud is annamh is iontach” agus d’admhaigh formhór na ndaoine a d’fhreagair an cheist go bhfuil an chuma air go n-oireadh sé don chuid is mó de mhic léinn (go háirithe na mic léinn a chónaíonn ar champas) na reifrinn a rith ar an deireadh seachtaine.

Claire O’Connell

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.