Déan dearmad ar Bhliain na Nathrach Nimhe – is í 2013 Bliain na Gaeilge- bígí linn

I ndiaidh an Oireachtais, a tharla thíos i Leitir Ceanainn coicís ó shin, leanfar ar aghaidh ag ceiliúradh agus ag scaipeadh na Gaeilge. Reáchtálfar Bliain na Gaeilge 2013 i ngach contae in Éirinn (na sé chinn sin san áireamh freisin) don chéad uair an bhliain seo chugainn. Is clár don bhliain iomlán é d’imeachtaí dírithe ar an teanga a spreagadh agus a chur chun cinn i measc an phobail agus ba rud nach bhfacthas cheana é.

Sheol an craoltóir raidió, Rónán Mac Aodha Bhuí, suíomh an togra ag www.gaeilge2013. ie ag Oireachtas na Samhna i nDún na nGall. Is féile í seo go bunúsach. Féile ollmhór a bheidh ag dul ar aghaidh timpeall na tíre chun daoine a mhealladh chuig an nGaeilge agus iad a spreagadh chun a gcúpla focal a úsáid nó a mílte focal a úsáid go rialta. Beidh imeachtaí Gaeilge ar siúl go náisiúnta agus go háitiúil.

De réir na ndaonáireamh agus na suirbhéanna is déanaí, tá Gaeilge ag nach mór ná dhá mhilliún duine ar oileán na hÉireann. Is í cuspóir Bhliain na Gaeilge ná díriú ar an mionlach mór seo le Gaeilge agus chéad teanga na hÉireann a chur ina n-intinn agus pé Gaeilge atá acu a chleachtadh ar bhealaí úra, spraíúla le linn na bliana.

“Tá an iliomad duine ann go Credit: gaeilge2013.ie dtiocfadh leo a bheith líofa sa Ghaeilge, go dtiocfadh linn iad a Ghaelú agus iad a thabhairt linn mar chuid den togra iontach seo, Bliain na Gaeilge 2013”, arsa an tUasal Mhic Aodha Bhuí, an craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é ag seoladh an tsuímh.

“Is minic go mbíonn eagla ar dhaoine roimh an nGaeilge a labhairt agus eagla orthu go ndéanfaidh siad botún, ach is deis iontach dheas í Bliain na Gaeilge an pobal sin a tharraingt linn mar chuid den cheiliúradh ar bhláth na Gaeilge le 120 bliain anuas an bhliain seo chugainn.”

Ceangailte le Bliain na Gaeilge, beidh Conradh na Gaeilge ag ceiliúradh 120 bliain ar an bhfód an samhradh seo chugainn. Thug an fóram daonlathach seo seans do phobal na Gaeilge dul i mbun oibre chun Bliain na Gaeilge a eagrú le linn 2013 i gcomhair breis agus 50 eagraíocht teanga agus chultúir eile ó cheann ceann na tíreleithéidí de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, TG4, Fáilte Ireland agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) ina measc.

Beidh idir imeachtaí spóirt, oideachais, shiamsaíochta, cheoil, dhrámaíochta, pholaitíochta agus neart eile ar an bhféilire Ghaeilge don bhliain. Tá súil ag lucht eagraithe Bhliain na Gaeilge go mbeidh ar a laghad mórimeacht amháin ann sna ceithre chúige in aghaidh na míosa ina theannta sin. Beidh na himeachtaí áitiúla, eagraithe ag an bpobal féin agus tugann sin deis do dhaoine a thionscnamh féin a léiriú.

Seolfar Bliain na Gaeilge ar an Domhnach, 25 Samhain 2012 agus tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis an togra ar www. gaeilge2013.ie; (áit inar féidir clárú leis agus na himeachtaí Gaeilge a fheiceáil) ar www.facebook.com/gaeilge2013; nó ar Twitter @gaeilge2013 idir seo agus sin. 2013Bliain na Gaeilge, cuimhnigh i d’intinn í.

Derek O’Brien

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.