Caighdeán athbhreithnithe agus anois foclóir Gaeilge nua ar líne

Sheol an tOllamh Alan Titley suíomh úr-nua darbh ainm www.gogan.ie an mhí seo caite i gColáiste na Carraige Duibhe, Co. Átha Cliath. Foclóir Liam S. Uí Ghógain arna dhigithe ag Foclóirí LSG Teo. atá le fáil ar an suíomh chomh maith le beathaisnéis agus cúlra ar an bhfoclóir féin. Mhair an tUasal Gógan sa chéad seo caite agus d’oibrigh sé leis an Athair Pádraig S. Ó Duinnín ar an bhfoclóir cáiliúil a bhí aige siúd Dineen’s Dictionary. Bhí an-mheas ag an Duinníneach ar a chomhghleacaí agus d’éiligh sé go mbeadh an t-ainm ‘Gógan’ le feiceáil ar phríomhleathanach an foclóra ar chomhchéim lena ainm féin, rud a dhiúltaigh na foilsitheoirí dó.

I ndiaidh d’fhoclóir an Duinnínigh a bheith athfhoilsithe sa bhliain 1927, thug L.S. Gógan faoi obair ar fhoclóir comhlántach a bhí le foilsiú cúpla bliain i ndiaidh sin. Chlis ar mhaoin Chumann Scríbheann na nGaedhilge, áfach, agus níor cuireadh an saothar i gcló. Bhailigh mac le Liam, an tAthair Brian Gógan, na ceathracha míle duillín orthu a raibh breis agus ochtó míle focal scríofa i láimh a athar agus bheartaigh sé iad a chur ar fáil go digiteach.

Bhí an file mór Louis de Paor i láthair freisin agus labhair sé ar bhua na filíochta a bhí ag an nGóganach. Scríobh sé go leor filíochta agus bhí dán leis, Na Coisithe, ar shiollabais na scoile ar feadh na mblianta fada. Sa bhliain 1978 a chruinnigh sé a bhailiúchán deireanach agus bhí sé i gceist aige é a fhoilsiú faoi dheireadh na bliana 1979; ar an drochuair, d’imigh sé ar shlí na fírinne an bhliain sin agus ní bhfacthas na dánta go dtí an bhliain nuair a foilsíodh an cnuasach ag an deireadh thiar thall. Ach san fhocleolaíocht agus ina fhoclóir a chuir sé an tsuim ba mhó agus is dóibh sin a chuimhneofar air go brách.

Anois, cúig bhliana ‘is ceithre scór tar éis a chuir L.S. a pheann le pá, tá torthaí na hoibre sin ar fáil go poiblí. Is féidir clárú leis an suíomh agus turas seachtaine a thógáil saor in aisce ach i ndiaidh sin beidh táille €30 le híoc sula ligfear cead an foclóir a úsáid i gceart.

Maitiú Ó Coimín

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.