Tá na trioblóidí ar ais i dTuaisceart na hÉireann- labhair duine éigin Gaeilge

“Dia duit”. Dhá fhocal shim- plí, agus beannacht Ghaeilge atá ar eolas ní amháin ag formhór dhaonra an domhain, ach ag muintir na hÉireann. An Tuais- ceart san áireamh. Ach is cúis náire é agus seans go bhfuil sé in aghaidh dlíthe fostaíochta, de réir Comhalta den Tionól Reachta, Maurice Mor
row.

Tá argóint agus gearáin ag dul ar aghaidh maidir le fáilteoir Chomhairle buirge Dhún Gean- ainn agus Tír Eoghain Theas. An ‘fhadhb’ atá ann ná go raibh an fear fiáin seo ag freagairt gach glaoigh leis an dá fhocal uafása- cha seo.

Tá comhairleoir Shinn Féin ag iarraidh suaimhneas a chur ar intinne na ndaoine áfach, agus deireadh a chur leis an gcoim- hlint seo. Dúirt an tUasal Pád- raig Ó Cuinn, atá mar ionadaí ar Oileán an Ghuail, nach raibh polasaí ar bith ag an gcomhairle buirge maidir leis an nGaeilge.

“Is Gaeilgeoir é an fáilteoir i gceist anseo, agus rinne sé an cinneadh seo ag gníomh dó ar a thionscnamh féin”.

Nochtaigh an tUasal Ó Cuinn go raibh sé aineolach nach raibh polasaí i bhfeidhm maidir le ché- ad teanga na hÉireann.

“Tá tréanpholasaí againn chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus tá Oifigeach den scoth againn chun an teanga a chur chun cinn agus a fhorbairt”.

“Thuigfinn go mbeadh imní ar dhaoine dá mba rud é go raibh drochsheirbhís á tabhairt dóibh agus go raibh an bhean- nacht go léir as Gaeilge, ach ní raibh ach dhá fhocal ann. Tá an cinneadh ag an nglaoiteoir an glaoch a chríochnaigh as Bé- arla nó as Gaeilge. Is amhlaidh atá sé go dtugann an rogha te- anga seo seirbhís níos fearr do thoghthóirí”.

Maíonn an tUasal Morrow áfach, ón bPáirtí Aontachtach Daonlathach, go ndeachaigh dao- ine buartha ón bpobal i dteagm- háil leis maidir leis an ‘scannal’ seo.

“Rinne mé teagmháil láith- reach leis an gcomhairle buirge chun freagra a fháil agus is cosúil gur bhain ball den fhoireann sao- irse phearsanta amach agus iad ag labhairt Gaeilge le glaoiteoirí. Ar ndóigh, níl sé seo mar phola- saí ag an gcomhairle”.

Dúradh leis an gComhalta den Tionól Reachta go ndearnadh nóta den fhadhb seo ach tá faitíos fós ar an bpolaiteoir.

“Cuireann an t-iompar seo comhartha uafásach don phobal Aontachtaigh agus Protastún- aigh, atá mar níos mó ná 40% de dhaonra na buirge”.

Deir Morrow go bhfuil eagla air go mbeidh Comhairle Buirge Dhún Geanainn agus Tír Eoghain Theas mar “teach toirmis- cthe” do Phrotastúnaigh, agus go bhfuil tuairisc chuimsitheach de dhíth aige. Beidh iniúchadh chun go bhfeicfeá an bhfuil sárú déanta ar dhlíthe fostaíochta san áireamh anseo.

Derek O’Brien

Image Credit: Euramos

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.