Dea-nuacht do mhic an léinn an choláistebronntar na céimeanna is airde sa tír in OCBÁC

Rinne an Irish Times suirbhé ar na gráid ghrádúcháin sna hollscoileanna ar fud na tíre ó 2005 agus aimsíodh go bhfuil meascán leathan de ghráid éagsúla ag brath ar cén ollscoil atá i gceist.

Dar leis an suirbhé, is in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a bhronntar an líon is mó de chéimeanna céad onóracha. Tá meánlíon de 19% de mhic léinn ag baint amach na marcanna is airde thar an seacht mbliana den suirbhé. Sna hollscoileanna Éireannacha eile, ní raibh ach meánlíon de 16% de chéimeanna céad onóracha á mbaint amach.

Faraor, le linn na tréimhse suirbhéanna, is iad Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil Luimnigh na cinn a bhronnadh an méid is ísle de chéimeanna céad onóracha le 14% de mhic léinn á mbaint amach.

Tá réimse níos éagsúla de mhic léinn a bhain céimeanna dara honóracha amach thar na blianta sin. D’fhág 56% de mhic léinn na Tríonóide an ollscoil le céimeanna dara honóracha ó 2005, an céatadán is airde óna hollscoileanna go léir sa tír. Bhain 51% de mhic léinn ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh an céim chéanna amach thar an tréimhse céanna chomh maith.

Arís, bronnadh an líon is ísle de chéimeanna dara honóracha ó 2005 in Ollscoil Luimnigh. Bhain 36% de na mic léinn céimeanna dara honóracha amach, céatadán de 20 % níos lú ná Coláiste na Tríonóide. Ar an iomlán, ba é 47% an meánlíon náisiúnta.

Bhain thart ar 49% de chéimithe ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath céimeanna dara

honóracha amach agus bronnadh líon cosúil leis sin dóibh ag OCBÁC. Sa tríú háit, bhí Coláiste na hOllscoille, Maigh Nuad an-chóngarach don mheánlíon le 46%, agus ansin bhí 43% de mhic léinn Choláiste na hOllscoile, Gaillimh ag fágáil le céimeanna dara honóracha.

Ar an iomlán, bronnadh céimeanna 2.2 do 26% de mhic léinn ar fud na tíre idir 2005 – 2012. Bhí 35%, an méid is airde, de chéimeanna 2.2 bronnta ag Ollscoil Luimnigh. Ní raibh teipeanna agus daoine a d’éirigh as ollscoil san áireamh toisc nach raibh ach líon fíorbheag dóibh.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil gráid níos tábhachtaí d’fhostaitheoirí le blianta beag anuas. Aimsíodh go mbíonn fostaitheoirí ag súil le céimeanna 2.1 nó níos airde a bheadh ag a n-iarratasóirí i suirbhé a rinne gradireland.com níos luaithe sa bhliain. Tá sé sin i bhfad níos mó ná dhá bhliain ó shin, nuair nach raibh ach 38% d’fhostaitheoirí ag lorg na ngrád airde sin. Tá OCBÁC an-bhródúil as na gráid airde atá á mbaint amach agus tá sé i gceist acu an caighdeán ard sin a choimeád.

Orla Mc Gettigan

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.