Beidh an rud céanna á dhéanamh ag múinteoirí meánscoile sa chóras oideachais nua, de réir Ruairí Quinn

Ní gá go mbeadh imní ar mhúinteoirí meánscoileanna agus iad ag marcáil mheasúnacht a mhac léinn, dar leis an Aire Oideachais, Ruairí Quinn. Tá an ráiteas seo á fhógairt ag an Aire i ndiaidh an t-athchóiriú ollmhór a rinneadh ar an Teastas Sóisearach.

Faoin gcóras nua, beidh measúnú leanúnach á dhéanamh
ag múinteoirí i rith na tríú bliana. Bronnfar 40% den mharc iomlán ar na measúnaithe seo agus ansin rachaidh an 60% eile ar an scrúdú ag deireadh na bliana acadúla.

Is í aidhm an chórais nua ná go gcuirfidh sé deireadh den fhoghlaim de ghlanmheabhair a bhí á déanamh ag daltaí scoile agus go spreagfaidh sé dóibh a nintinn agus a dtionscnamh féin a úsáid.

Dúirt rúnaí ginearálta ar Chumann na Meánmhúinteoirí Éire, Pat King, go bhfuil impleachtaí tromchúiseacha ag na leasuithe seo ar mhúinteoirí timpeall na tíre. In litir oscailte chuig baill an chumainn ag tús na míosa, mhaígh an tUasal King go ndearnadh na leasuithe seo gan aon phlé leis an gcumann nó an tAontas Múinteoirí Éireann.

Léirigh Cumann na Meánmhúinteoirí Éire agus an tAontas Múinteoirí Éireann imní faoin ualach oibre breise, an oiliúint agus na himpleachtaí a bheadh ar na caidrimh idir daltaí agus múinteoir
í.
Gheall an tAire Quinn áfach, nach cóir go mbeadh aon fhaitíos orthu agus nach bhfuil sé ag iarraidh orthu ach “an rud céanna is atá á dhéanamh acu sa dara bliain agus sa chúigiú bliain cheana féi
n”.
Ag labhairt ag comhdháil bhliantúil Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na leasPhríomhoidí, dúirt Quinn go gcuireann an frása ‘measúnú leanúnach’ daoine ar mhíthreoir agus spreagann sé eagla iontu faoin ualach oibre.

Beidh an córas nua á chur i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais diaidh ar ndiaidh agus níl an tAire ag glacadh leis an téarma ‘measúnú leanúnach’. Maíonn seisean go bhfuil sé níos cruinne agus níos giorra don fhírinne ‘clár oibre tréimhsiúil mar mheasúnú’ a rá. Tógfaidh sé ocht mbliana chun an córas seo a chur i bhfeidhm i gceart agus tosóidh scoileanna ag baint úsáid as in 2014.
Ach an phríomh-fhadhb atá ann ná nach raibh aon teagmháil déanta leis na múinteoirí. Deir Cumann na Meánmhúinteoirí Éire go gcaithfear tabhair faoi na hábhair ríthábhachtacha is cúram do mhúinteoirí na hÉireann roimh a dhéanfar aon athrú ar an Teastas Sóisearach.

Beidh próiseas comhairliúcháin á thosú ag an mbuanchoiste leis a bhaill agus beidh comhdháil náisiúnta i mí Aibreáin an bhliain seo chugainn chun plé eile a dhéanamh ar an topaic.

Dúirt an tUachtarán ar an gCumann, Gary Breslin, gur cuireadh alltacht ar na múinteoirí de dheasca an easpa teagmhála.

“D’fhoghlaim na múinteoirí faoin athchóiriú ollmhór seo trí
na meáin chumarsáide. Tá go leor feirge agus frustrachais sna scoileanna nár lorgaíodh taithí agus dearcthaí na múinteoirí”.

Dúradh leis an mbuanchoiste go ndéanfaidh dochar suntasach ar an oideachas má tá easpa teistiúchán náisiúnta ann ag an leibhéal sóisearach.

“Tá fadhbanna ag an Teastas Sóisearach, níl aon duine ag diúltú sin. Ach ceann de na buntáistí is mó a bhí aige ná go raibh ardstádas aige i n-intinne na ndaltaí, dtuismitheoirí agus múinteoirí. Beidh éifeacht dhiúltach ag an gcinneadh seo”, críochnaigh an tUasal Breslin.

Is cosúil go mbeidh an scéal seo ag leanúint ar aghaidh agus ag forbairt go rialta .

Derek O’Brien

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.