Tréimhse suaite os comhair Aontas na Mac Léinn

Beidh toradh an reifrinn a bhí ag dul ar aghaidh ó 24 Meán Fómhair i gColáiste na Tríonóide amach an tseachtain seo. Bhí ar mhic léinn vóta a chaitheamh ar an topaic chéanna is a chaith mic léinn DCU vóta dhá bhliain ó shin- chun coimeád comhcheangailte le hAontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) nó a mhalairt. Faoi láthair, déanann an tAontas ionadaíocht ar bhreis is 300,000 mac léinn agus 40 coláiste ar fud na tíre.

Cuireadh an cheist chun solais ag Comhairle Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide agus i ndiaidh vóta a chaitheamh, bhí an cinneadh acu go mbeidh reifreann ann.

Scaradh iad ón Aontas ar feadh deich mbliana tráth, agus i ndiaidh tréimhse deich mbliana eile ceangailte leo, tá cinneadh ollmhór le déanamh arís ag na mic léinn. Dar le Jack Leahy, atá i gceannas ar an bhfeachtas i bhfabhar an nasc a choimeád leis an Aontas, tá dhá phríomh-bhuntáistí bainteach leo: “a ionadaíocht agus a thraenáil”.

“Níos tábhachtaí fós, tugann an tAontas glór dúinn mar mhic léinn ag cruinnithe rialtais agus reachtúla.  Gan an tAontas, ba chuma le haon duine a bheith ag éisteacht linn”.

Íocann Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide €77,000 gach bliain chun a bheith ina bhall den AMLÉ, airgead a d’fhéadfaí a chaitheamh ar áiseanna níos tábhachtaí. Sin a deir Mark O’Meara, atá i gceannas ar na céilí comhraic.

“Má tá aon eagras ag iarraidh ionadaíocht a dhéanamh ar mhic léinn ar leibhéal náisiúnta, tá trí thréith de dhíth acu: creidiúnacht, acmhainn agus freagracht”. D’admhaigh sé go bhfuil cúpla buntáiste i gceist leis an mballraíocht, ach maíonn sé go bhfuil an mothúchán ann nach bhfuil luach a gcuid airgid á fáil acu.

Tá toradh an reifrinn seo an-suntasach áfach, toisc go mbeidh reifrinn ar a mhacasamhail ag dul ar aghaidh i gcoláistí éagsúla timpeall na tíre le linn na míosa romhainn. Beidh ceann ag dul ar aghaidh in Ollscoil na hÉireann Gaillimh i mí na Samhna agus mar an gcéanna le Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Le fadhbanna airgeadais ag dul ar aghaidh, foireann bheáir ar stailc agus táille dealramhach suas le €100,000 á n-íoc don AMLÉ, tá seans láidir nach bhfanfaidh COBÁC leis an aontas.

Bheartaigh mic léinn in DCU deireadh a chur leis an nasc le hAontas na Mac Léinn in Éirinn ar dtús in 2002, agus ansin chun an neamhspleáchas sin a choinnigh, ocht mbliana ina dhiaidh. Anois, beidh ar na mic léinn an cinneadh céanna a dhéanamh arís, tar éis achainí rathúil a fuair an 200 síniú a bhí de dhíth aige. Rachaidh an reifreann nua ar aghaidh am éigin sa dara seimeastar.

Bhí dea-nuacht ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn níos luaithe sa bhliain áfach, nuair a d’fhan Coláiste na hOllscoile Corcaigh leo, le tromlach timpeall ar 1,500 idir an dá thaobh. Thug uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath tacaíocht phoiblí dó freisin.

Tharla an reifreann i gCorcaigh i mí na Márta áfach, agus is deacair a rá an bhfuil an tacaíocht sin fós ann. Is cosúil go mbeidh na reifrinn os comhair AMLÉ ríthábhachtach i dtodhchaí an eagrais. Dúirt uachtarán ar Aontas na Mac Léinn, DCU, in 2010, Megan O’Riordan, go bhfuil “fadhbanna laistigh den AMLÉ fós le réiteach acu”. Suimiúil le feiceáil an mbeidh an dearcadh céanna fós ag mic léinn I mbliana.

Gluais:

Ionadaíocht – Representation

Cruinniú reachtúil – Statutory meeting

Acmhainn – Capability

Macasamhail – Of Similar Type

Derek O’Brien is our Irish Editor

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.