€100,000 i do phóca? Cúrsa anseo duit…

Más rud é go bhfuil an t-alt seo á léamh agat, is dócha gur mac nó
iníon léinn atá ag freastal ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
thú. Is dócha, freisin, mar sin gur íoc tú (nó do thuismitheoirí)
suas agus anuas le €5,000 ag tús na míosa seo caite.

Dá mba rud é go
raibh tú ag freastal ar OCBÁC anuraidh nó arú-anuraidh, ba dhócha gur
ghlac tú páirt i gceann de na siúlóidí móra millteach i gcoinne na
dtáillí ollscoile. Nach tú atá soineanta.

Fógraíodh bunchéim úr-nua le gairid a reáchtálfar thar cheithre
bliana agus i dtrí ollscoil éagsúla – agus níl ar an gcúrsa seo ach idir
€89,600 agus €105,200. “BD Gnó” (WB Business) a thugtar ar an gcúrsa a mbeidh á staidéar ag cúigear mac léinn is dhá scór le linn na mblianta atá
romhainn. Seasann an ‘BD’ sin do ‘Baitsiléir Domhanda’ agus is fíor dó
é – freastalóidh na mic léinn ar Marshall Business School i Los Angeles
ar feadh bliana; caithfidh said bliain eile i Hong Cong, bliain in
Milano agus roghnóidh siad ceann den trí chinn don bhliain
dheireanach.

Meastú anois, cé mhéid airgead a bheadh fágtha i gciste an mhic léinn Éireannaigh dá mbeadh air íoc €34,300, ar an meán, in aghaidh na bliana ar a chúrsa?

Sa chéad pháirt den turas seo, déanfaidh mic léinn iniúchadh ar na caidrimh idir siamsaíocht agus teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn. Ar aghaidh leo ansin chun “casadh le ceannairí airgeadais”, agus plé breá beoga a bheith acu faoin tionscal baincéireachta ar domhan. Ansin, chun críoch snasta a chur ar chúrsaí, foghlaimeofar faoi na deacrachtaí a bhaineann le gnó san Aontas Eorpach.

Briseann na táillí ollscoile síos go €33,700 don seal thall sna Stáit Aontaithe, 200,000 Dollar Hong Cong don cuid lárnach agus €18,000 ansin don bhliain san Iodáil.

Arsa an tOllamh Prof Leonard Cheng Kwok-hon ó Hong Cong, “leis an domhandú eacnamaíoch á tharlú, tá éileamh mór ar dhaoine le dearcadh domhanda” sa lá atá inniu ann. Is dócha nach mbeidh aon fhadhb ag na mic léinn seo lena muirear teaghlaigh…

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.