Costas le teacht ar Twitter a úsáid?

By Fiach Mac Domhnaill

Beidh ort costas a íoc le bheith i do bhall den suíomh Gréasáin sóisialta Twitter, de réir ráfla atá ag dul timpeall an idirlín arís faoi láthair. Dár le The Sunday Business Post, tá Twitter ag smaoineamh ar íocaíocht €1 in aghaidh na míosa a ghearradh orthu siúd a ghlacann leis agus a fhanann ar an suíomh ghréasáin sóisialta. Tá níos mó na 300 milliún daoine ag baint úsáide as Twitter, saor in aisce, i láthair na huaire agus tá Twitter fós i bponc ó thaobh airgead a thuilleadh. Dá mba rud é go raibh costas euro amháin in aghaidh na míosa ar sheirbhísí Twitter, bheadh an fhéidearthacht ann níos mó ná €3.6 billiún d’ioncam a ghiniúint in aghaidh na bliana, más rud é go bhfanadh an 300 milliún úsáideoir dílis don suíomh. Sin í an mhórcheist do Twitter. Más rud é go raibh costas ann, is cuma cé chomh bheag, an bhfanadh daoine ar an suíomh nó an gcailleadh Twitter móramh dá n-úsáideoirí?

An fáth go raibh rath iontach ag Twitter go dtí seo ná go raibh sé saor in aisce, agus bhí aon duine (le córas idirlín, ar ndóigh) in ann bheith mar bhall agus dul i mbun cumarsáide le haon duine eile ar an suíomh, is cuma cén cúinne den domhan ina raibh siad. Chonacthas an chumhacht a bhí ag Twitter, nó an chumhacht a thug Twitter do dhaoine mar mhodh cumarsáide, go háirithe i dTuaisceart na hAfraice le linn Earrach na nArabach. Is ar Twitter a thosaigh an réabhlóid, áit a raibh réabhlóidithe san Éigipt in ann teagmháil láithreach a dhéanamh lena chéile, saor in aisce, agus an t-éirí amach a eagrú.

Tá Twitter an-úsáideach agus tá mór-éileamh uirthi sa saol gairmiúil. Cinnte bheadh daoine ann a mbeadh sásta praghas beag a íoc don tseirbhís mar go mbeadh buntáistí gairmiúla in ann dóibh. Ó thaobh iriseoireachta de tá luach mór nuachta ag Twitter mar gur féidir nuacht a scaipeadh go forleathan, láithreach is a tharlaíonn sé. Ón taobh sin de, bheadh grúpa beag proifisiúnta a bhfanadh le Twitter in ainneoin an chostais, agus dá bhrí sin b’fhéidir go bhfanadh cuid mhór de dhaoine eile ar an suíomh ionas go mbeidís in ann scéalta nuachta a fháil agus iad á mbriseadh. Fadhb a bheadh ann dá dtosódh Twitter ag gearradh táillí ná go mbeadh deis ann do shuíomh nua, saor in aisce, seirbhís chosúil a chur ar fáil agus lucht leanúna Twitter a thógáil leo. Sholáthair Twitter an chéad dréacht de stair na giolcaireachta agus leanfaidh sé seo, le costas nó gan chostas.

Gluais:

I bponc – In a predicament

Gin – Generate

Soláthair – Provide

Giolcaireacht – Tweeting

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.