Gaeilge ag fás sa Tuaisceart…agus ag fulaingt sa Deisceart?

-Fiach Mac Domhnaill

Bhailigh grúpa agóideoirí os comhair na Dalá an tseachtain seo caite chun a míshástacht a léiriú i leith ciorraithe ar scoileanna beaga sna Gaeltachtaí.  Bhí na hagóideoirí ag súil go dtiocfadh an tAire Oideachais Ruairí Quinn amach chun labhairt leo faoi na ciorraithe. Bhí siad ag iarraidh a bhfrustrachas a léiriú ar an gcinneadh atá déanta faoin méid múinteoirí a mbeadh ar fáil do scoileanna Gaeltachta.

Leis na ciorraithe seo, tá 83 dalta de dhíth ag scoileanna chun ceathrú múinteoir a fhostú, seachas 81 mar a bhí. Ach má tá ceathrú múinteoir de dhíth ag scoil sa Ghaeltacht, tá gá go mbeadh 83 dalta ag freastal ar an scoil, in ionad 76 dalta mar a bhí cheana.  Dar le Mícheál S. Mac Donnacha, urlabhraí Chumann Múinteoirí Éireann, gurb í aidhm na hagóide ná go dtarraingeofar “na ciorraithe damanta atá déanta ar scoileanna beaga siar”. Dúirt sé go raibh an Rialtas ag díriú ar ghrúpa áirithe scoileanna agus i dtuairim na hagóideoirí, níl rud ar bith cothrom faoi.

Ní hé seo an chéad uair gur thaispeáin an rialtas easpa tacaíochta d’oideachas trí mheáin na Gaeilge. Anuraidh, i mí Feabhra, d’fhógair an Taoiseach Enda Kenny go raibh sé mar pholasaí ag Fine Gael an Ghaeilge a athrú ó ábhar éigeantach go hábhar roghnach do scrúdú na hardteistiméireachta.
Bhí dhá agóid eile ar siúl ar an Déardaoin seo caite chomh maith. Rinne daltaí ó Ghaelscoil Bharra, an Chabhrach, Baile Átha Cliath, agóid lasmuigh den Roinn Oideachais mar gheall ar chóiríocht na scoile. Tá an scoil ag baint úsáid as tithe réamhdhéanta le cúig bliana déag anuas agus tá foirgneamh scoile nua á theastáil uathu. Rinne caoga daltaí ó ‘Old Borough National School’, Sord, agóid faoi athrú ar sheirbhísí tacaíochta do mhúinteoirí.  Beidh ról an mhúinteora a thugann tacaíocht foghlama do dhaltaí anois mar ról páirt-aimsire in ionad ról lán-aimsire.

An tseachtain seo caite, d’eisigh an tAire Oideachais i dTuaisceart na hÉireann, John O’Dowd, go bhfuil fás mór tagtha ar líon na ndaltaí le hoideachas á chur orthu trí mheáin na Gaeilge le deich mbliana anuas. Tá méadú 54.2% tagtha ar líon na bpáistí atá ag freastal ar bhunscoileanna Gaelacha agus tá méadú 60.8% tagtha ar líon na ndaltaí atá meánscolaíocht  a fháil acu trí mheáin na Gaeilge. Dúirt Mícheál Ó Duibh, príomh-fheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, gur léirigh na figiúirí an t-éileamh ar an nGaelscolaíocht. “Sílim go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí forbairt ar an iar-bhunscolaíocht Ghaeilge. Más ann don éileamh, tá an dúshlán sin romhainn.” Is staid íorónta í go deimhin, go bhfuil agóidí i gcoinne chiorrú an rialtais ar Ghaelscoileanna sa Deisceart agus ag an am céanna go bhfuil fás agus tacaíocht á fháil ag scolaíocht trí Ghaeilge sa Tuaisceart.

 

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.