Leabhar na hAghaidhe

 Gráinne Ní Aodha

Úsáideann gach Gaeilgeoir focal Gaeilge nó dhó anseo is ansiúd ar Facebook, Twitter agus a leithéid chun abairtí agus comhrá a choimeád beoga agus suimiúil. Ní haon ionadh mar sin, go bhfuil an chéad líonra sóisialta le feidhmiú trí mheán na Ghaeilge á lainseáil go luath an bhliain seo chugainn.

“Abair Leat!” is ainm don líonra agus is éard atá mar aidhm aige ná foghlaimeoirí a aistriú go lucht úsáidte na teanga. Tugann an líonra deis do dhaoine le suim sa Ghaeilge nó le suim acu an teanga a fhoghlaim agus a chleachtadh, í a úsáid ar mhodh shóisialta. Más mian leat triail a bhaint aisti agus do thuairim ar an suíomh nua a thabhairt, is féidir cuntas a chruthú le ‘Abair Leat’! agus a bheith mar ceann de na céad daoine an líonra nua Gaelach a úsáid.

Beidh an líonra luachmhar do dhaltaí chomh maith- is féidir seiceáil a dhéanamh ar do litriú, agus beidh aistritheoir féin ag an suíomh, rud a bheidh an-úsáideach do scoláirí na hArdteistiméireachta. Is bealach nua é do dhaltaí tacaíocht a thabhairt dá chéile agus iad ar tí aghaidh a thabhairt ar a gcuid scrúdaithe, ní amháin iad siúd as Gaeilge ina dteanna sin.

Úsáideann an líonra bogearraí saincheaptha chun céatadáin a thomhas ar an méid Gaeilge atá i ngach nuashonrú agus postáil. Léiríonn sé na céimeanna nua-aimseartha atá á thógáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Thángthas ar an smaoineamh líonra sóisialta as Gaeilge a thosaigh, nuair a theastaigh foireann Choláiste Lurgan, contae na Gaillimhe, teicneolaíocht a úsáid chun cabhrú le daltaí ullmhú a dhéanamh do chúrsaí Gaeilge agus don Ghaeltacht go ginearálta óna ríomhairí baile.

Chabhraigh ‘Block 5 Designers’ gréasán a chruthú agus sraith chluichí Gaelacha a bhunú. Chuaigh Abair Leat! ó neart go neart ó shin agus níorbh fhada roimh a tharla comhpháirtíocht leis an ngnó Meiriceánach cáiliúil bunaithe ar líne, Fantasy Interactive (FI) aimsithe acu i 2011.

Is mór an t-éacht é seo d’Abair Leat; is é Fantasy Interactive ceann de na cuideachtaí idirghníomhacha is mó ar domhan a dhíríonn ar dhearadh idirghníomhach, forbairt fheidhmchláir agus forbairt na meáin shóisialta ar son roinnt de na brandaí is cumhachtaí agus cáiliúla, mar shampla Google, Fox agus CNN.

Leis an bhfás ollmhór i líon na ndaoine a bhíonn á mbainistiú a saol sóisialta ón ríomhaire, tá súil ag Abair Leat! go mbeidh thart air 50,000 úsáideoir ag an suíomh faoi dheireadh na bliana seo chugainn.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.