Irish Daily Mail Imithe Ó TCD I nDiaidh Conspóide eile

Derek O’Brien

Ní bheidh an nuachtán ‘Irish Daily Mail’ ar fáil i siopa na mac léinn i gColáiste na Tríonóide a thuilleadh, i ndiaidh vóta a thóg na mac léinn. Tá an cinneadh déanta chun alltacht a léiriú ar an bpáipéar agus an t-iriseoir Marisa Lynch, a d’fhoilsigh scéal ar an Domhnach, 4 Deireadh Fómhair, a dúirt gur fuarthas corpán an mhic léinn a raibh ar iarraidh, Caolan Mulrooney, in aice le hAbhainn an Laoi an lá sin.

D’fhoilsíodh an scéal dhá lá roimh a tháinig fear gnó ar an gcorpán, ar Shráid Dhúglais, an áit a raibh titim dhealraitheach ag an mac léinn, ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Leanann cáineadh an iriseora ar aghaidh ar na suíomhanna sóisialta le muintir Chorcaigh á n-úsáid iad chun gealladh nach bhfuil siad á cheannach an páipéar ach an oiread.

Chuaigh Caolan ar iarraidh ar an Aoine, coicíse ó shin, tar éis dó freastal ar an gclub oíche Cubins. Tharla cuardach ollmhór, le breis is 100 oibrí deonacha a dhírigh ar Abhainn an Laoi ar dtús, agus ansin ar Shráid Dhúglais i ndiaidh leide.

D’fhoilsíodh leithscéal sa nuachtán an Mháirt seo caite, agus de réir an ‘University Times’, foilseachán TCD, gur thug Eric Bailey, eagarthóir an nuachtáin, cuairt phearsanta ar Chorcaigh chun a dhíomá a léiriú ar an scéal agus gur cuireadh sa nuachtán é. Scríobh Conor Kenny, scríbhneoir ar son fhoilseachán an choláiste, alt fíorcháinteach dar teideal ‘The Importance Of Being Honest’, le níos mó na 4,000 ‘Likes’ ar Facebook. Deir Kenny gur bhaineadh geit as, maidir le hiriseoireacht Lynch agus gur “aithis é an scéal, ní amháin ar thuairisceoireacht nuachta, ach ar nádúr daonna”.

Ní seo an chéad uair a rinne an páipéar rud conspóideach mar seo áfach. I mí Feabhra, cuireadh i leith go raibh an leagan amach céanna ag an ‘Irish Daily Mail’ is a bhí ag an ‘Sunday Tribune’. I mí Iúil, dhiúltaigh siad na gearradh siar nua ar an gcáin bhreisluacha a chur a phraghas an pháipéir, rud a shábháil €750,000 dóibh. Cúpla lá ina dhiaidh sin, léirigh tuarascáil ó Choimisinéir Faisnéise na Breataine go raibh an ‘Irish Daily Mail’ bainteach i dtrádáil faisnéise neamhdhleathach nuair a fuair siad eolais phearsanta ar cheadúnais tiomána, taifid choiriúla, comhrá fóin agus roinnt eile.

Níl rud ar bith ráite ag Aontas Náisiúnta na nIriseoirí go fóill ar an scéal ach beidh sé suimiúil le feiceáil an bhfuil na coláistí eile timpeall na tíre chun rud cosúil a dhéanamh.

 

Gluais:

Alltacht- disgust

Dealraitheach- alleged

Corpán- dead body

Taifid choiriúla- criminal records

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.