An Bhfuil Seans Beo Againn Sa Ghrúpa Mairbh?

Seán Ó Sní

Tá  foireann sacair na hÉireann tar éis a háit a fáil i gCraobh Sacar na hEorpa don chéad uair le fiche bliain anuas. Tharla tarraingt na ngrúpaí don Chraobh ar an Aoine seo caite agus is dócha nach bhfuil an cat sa mhála ag Trap agus na hÉireannaigh tar éis a cuireadh muid sa ghrúpa mairbh. Tarraingíodh na hÉireannaigh in éineacht le buaiteoirí deireanacha na craoibhe, an Spáinn, iar-bhuaiteoirí an chorn domhanda, an Iodáil agus an Chróit a bhfuil san ochtú áit sa rangú domhanda faoi láthair. Grúpa d’fhoirne fathaigh shacair, le himreoirí ar nós Xavi, Iniesta, Ballotelli agus Modric a cuireadh muid, lenár réaltaí féin Paul McShane agus Keith Andrews.

Fós ní bheinn chomh buartha is a cheapfaí, tá an dul chun cinn atá déanta ag Trappatoni dochreidte. Nuair a thóg sé an fhoireann faoi stiúir aige, bhí siad ag imirt an pheil is measa a bhí le feiceáil sna geansaithe glasa le blianta anuas ach anois cé go ndeirtear go bhfuil peil na hÉireann leadránach agus diúltach, tá na torthaí os ár gcomhair. Ní mheasaim go mbeimis sa suíomh céanna is a bhfuil muid dá mbeadh Steve Staunton nó Brian Kerr fós i gceannas. Tá sé fíor nach n-imríonn an fhoireann peil álainn cosúil leis na Spáinnigh ná an Bhrasaíl ach tá sé fíor freisin nach foireann bhog muid. Tá sé fíordheacair torthaí maithe a fháil i gcoinne na hÉireannaigh.

Tóg an cluiche sa Rús, i mí Mhean Fómhair mar shampla. Cé go rabhamar faoi ionsaí ag an Rúis don chluiche ar fad, d’éirigh linn Moscó a fhágáil le point, toisc go raibh Richard Dunne dochloíte an cluiche sin. Ní amháin go bhfuil feabhas ollmhór tagtha ar an bhfoireann ach ní dóigh liom go bhfuil na foirne eile sa ghrúpa linn chomh iontach is atáthar á rá go bhfuil. D’imir muid i gcoinne na Iodáile dhá uair san fheachtas cáilíochta deireanach agus bhí mí-ádh ar na hÉireannaigh chomhscór a fháil i bPáirc an Chrócaigh agus anuas ar sin bhí an bua againn thar na hIodálaigh i rith an tsamhraidh agus Paul McShane mar chaptaen! Maidir leis an gCróit, níl faic déanta acu i gcraobh idirnáisiúnta le tamall anuas agus ní raibh siad rathúil agus iad ag iarraidh cáiliú don Chorn Domhanda FIFA deireanach. An feachtas is fearr a bhí acu le déanaí ná nuair a shroich siad an cluiche ceathrú ceannais sa Euros i 2008, ach d’athraigh a bhfoireann go mór ón am sin.

An t-aon fhoireann go mbeadh imní ar an tír go léir uirthi, ná an Spáinn-seaimpíní an choirn dhomhanda agus Chraobh na hEorpa. Níl sé deacair le feiceáil cén fáth go bhfuil eagla an domhain ar leanúnaí sacar na hÉireann faoin gcluiche seo. Foireann nach bhfuil spás ann d’imreoirí cosúil le Fabregas, Mata agus Llorente- ní dóigh liom go bhfuil foireann ar bith sa chomórtas nach bhfuil giota beag buartha faoi na Spáinnigh. É sin ráite, níl spás inár bhfoireann do Gary Doherty!

Ach, d’fhéadfaí a bheith dóchasach fós gur foireann muid atá in ann slí amach as an ngrúpa a aimsiú. Rinne an Eilvéis seo go díreach sa Chorn Domhanda deireanach agus cé muidne le rá nach féidir leis na hÉireannaigh é a dhéanamh sa ghrúpa chomh maith? Cuir na rudaí seo go léir agus is cosúil go mbeidh craobh spéisiúil againn ar a laghad agus mura féidir Trap an cat a fháil ar ais sa mhála is dócha go mbeidh an craic againn thall in Gdansk ar aon nós.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.