DCU 1-0 Coláiste na Tríonóide

Derek O’Brien

Is iompairc í atá níos láidre ná atá idir Man United agus Man City, Cúigí Laighean agus Mumhan agus idir Gryffindor agus Slytherin, agus bhí an réamh-mheas le mothú san fhoirgneamh Henry Gratten an Mháirt seo caite, nuair a tharla díospóireacht  idir Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide. Bhí na Tríonóide fáiltithe le hatmaisféar fíornaimhdeach, le pictiúr iontach mór de Bhanríon Shasana ar an mballa agus amhrán Justin Bieber mar cheol iontróide acu.  Bhain DCU an-úsáid as an mbuntáiste bhaile.

‘Níl faic le déanamh ag an Oireachtas seachas a bheith ag ól’ a bhí mar an rún, agus mar sin bhí jab an-deacair ag foireann na Tríonóide, Aoileann Ní Bhroin agus Andrew Mac An Rí, argóint i gcoinne an rúin sin ar ndóigh. Le seomra lán le daoine, thosaigh Mícheál Ó Nualláin an díospóireacht, leis an líne “Bhí am iontach agam ag an Oireachtas, cé nach cuimhním an chuid is mó de”, ag cloí le tuin an ábhair. In ainneoin téama siamsúil an rúin, bhí pointí maithe fós á ardú ag na cainteoirí, taobh istigh i scéalta greannmhara.

Is cosúil go raibh tionchar láidir ag óráid Sheáin Uí Ghrifín ar thoradh na díospóireachta áfach, nuair a thug sé léirmheas do na moltóirí agus lucht an fhreasúra, ar na rudaí a chonaic sé féin ag an Oireachtas. Lean sé air ansin ag taispeáint pictiúir i ndiaidh pictiúr de mhic léinn Choláiste na Tríonóide, agus roinnt de na mic léinn chiontacha sin i láthair, ag ól síos ag an bhféile bhliantúil. Chríochnaigh sé an léirmheas suimiúil ansin le pictiúr d’Andrew Mac An Rí, an dara cainteoir ag na Tríonóide, agus trí bhuidéal beoracha ina lámh aige. Dá bhrí sin, bhí tasc thar a bheith deacair ag an gcainteoir deireanach, an tUasal Mac An Rí, a choláiste agus é féin a chosaint, agus thug sé sár-óráid don seomra (in ainneoin gur thosaigh foireann DCU ag ól cannaí mar gur easaontaigh siad go huile is go hiomlán leis).

Mar sin ní raibh cinneadh furasta ag na moltóirí Pádraig Ó Cairbre, Pádraig Schaler (cathaoirligh ar na dhá Chumainn Gaelacha i láthair) agus Rob Ó Conchúir (saoririseoir), agus d’fhás an teannas sa seomra agus iad ag teacht ar bhreithiúnas. Ach ar dheireadh, tháinig siad ar chinneadh agus ba léir dóibh nach bhféadfadh ach buaiteoir amháin a bheith ann, agus bhronn siad na cearta bóiscéalacha ar DCU. Díospóireacht den scoth, agus is léir nach bhfuil mórán daoine a d’fhéadfaí a rá go hionraic, nach n-aontófaí leis an rún.

 

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.