Maitiú Ó Coimín
Tá seans láidir ann nach mbeidh deis ag daoine a gcuid eolais a roinneadh ar líne níos mó. Tugadh an pobal 48 uair chun a gcuid ailt a thógáil anuas ón leathanach Iodálach na Vicipéide. Muna scriosann siad a gcuid ailt beidh seans ann go mbainfear píonós €12,000 astu.
Moladh dlí nua bainteach le cinsireacht le teacht isteach sa tír. “DDL intercettazioni” (Wiretapping Act) a ghlaotar ar an dlí nua seo agus deirtear iarracht ghlic í seo ó Berlusconi chun blagálaithe a chinsiriú.
Sheol Wikipedia ráiteas amach, leis na focail: “With this announcement, we want to warn our readers against the risks arising from leaving to the arbitrary will of any party to enforce the alleged protection of its image and its reputation. Under such provisions, web users would be most probably led to cease dealing with certain topics or people, just to “avoid troubles”. We want to be able to keep a free and open-to-all encyclopedia, because our articles are also your articles – Wikipedia is already neutral, why neutralize it? Sínítear an ráiteas; The users of Wikipedia.
Chomh maith le sin sheol an Wikimedia Foundation ráiteas eile amach ag tabhairt tacaíochta d’úsáideoirí Wikipedia. Scríobh Jay Walsh, a n-oibríonn sa rannóg chumarsáide den fondúireacht: This bill would hinder the work of projects like Wikipedia: open, volunteer-driven, and collaborative spaces dedicated to sharing high-quality knowledge, not to mention the ability for all users of the internet to engage in democratic, free speech opportunities.
Is rud fíor-shuimiúil é seo toisc go bhfuil saoirse cainte ráthaithe ag leanúint Airteagal 21 de bhunreacht na hIoldáile. Ní hé seo an chéad uair a dhearna rialtas Berlusconi a leithéid seo a dhéanamh.
Leave a Reply