Lainseálann Apple an iPhone 4s agus iOS5 i gcomhdháil Keynote i Meiriceá

Úna Caomhánach 

“Good morning, this is my first product launch since being named CEO,” arsa Tim Cook, ceannaire nua Apple, “It is a pleasure to host you today. I love Apple.”

An Máirt seo caite in Cupertino, California, cuireadh i láthair go mbeadh an iPhone 4s ag teacht ar an bhfód. Ba é seo an céad comhdháil ‘Keynote’ iar-ré Steve Jobs san áit céanna ina lainseáladh an iPod breis is 10 mbliain ó shin.

Bhí ar Steve Jobs éirí as a phost i mí Lúnasa den bhliain seo de bharr fadhbanna sláinte agus ba é seo an céad oscailt mór gan é a bheith i láthair.

Buaileadh bos nuair a iontráladh Cook ach bhreathnaigh sé go raibh an frithghníomhú i bhfad níos cúine. Chaith Cook, a bhí i gceannas ar an seó, léine ghorm agus brístí géine, é ag rá ag tús na hócáide go raibh a phost “the privilege of a lifetime.” Thóg sé breis is nócha nóiméad chun chuile rud a chur i láthair.

Beidh an iPhone 4s mar an céad céim eile suas ón iPhone 4. Úsáidtear slis speisialta a úsáidtear san iPad a chinnfear go mbeidh luas níos fearr ag an bhfón nua. Deirtear go mbeidh luas íoslódáilte níos tapúla agus níos éifeachtaí. Chomh maith le sin tá ceamara nua ag an iPhone a úsáideann 60% níos mó picteilíní ná an iPhone 4.

Cosúil le chuile iPhone eile beidh an rogha ceann dath dubh nó bán a cheannach idir 16, 32 agus 64 gigabhearta ar dtús ar chostas $199 – $399.

Do chuile duine nach bhfuil ag iarraidh bheith taobh amuigh den chiorcal, beidh uasghrádú iOS 5 le fáil do muintir 4 agus 3GS go hiomlán saor in aisce. Cuirtear béim ar na ‘fógraí’ a bhfuil mar fhadhb lárnach na laethanta seo. Chomh maith le sin beidh páirt lárnach ag Twitter leis an uasghrádú a mbeidh ceangailte le feidhmchláir ar nós Photos, YouTube agus Maps. Beidh sé seo le fáil 12 Deireadh Fómhair.

Go dtí seo tá Apple tar éis 250 milliúin feistí iOS a dhíol ar fud an domhain

Image by Associated Press

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.