Tús ceart le Gaeilge a chur sa Tuaisceart

Derek O’Brien

Tá tionscnamh teanga nua tosaithe ag an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i Stormont, Carál Ní Chuilín, an mhí seo, le méadú i líon na nGaeilgeoirí i dTuaisceart na hÉireann mar aidhm. Beidh 1,000 duine, ó gach aicme den tsochaí sa Tuaisceart, misnithe chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh Líofa 2015, agus an Ghaeilge a fhoghlaim.

D’fhiafraigh an tAire Sinn Féin ar na póilíní, forais spóirt agus roinnt comhlachtaí poiblí eile tacaíocht a thabhairt don tionscnamh. Bhí an tAire ag iarraidh ar dhaoine iomráiteach páirt a ghlacadh ina dteannta sin agus duine suntasach a d’aontaigh ná leas-ardchonstábla an tSeirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann , Judith Gillespie. I ndiaidh an pháipéirchomhairliúcháin ‘Bille na gCeart do Thuaisceart na hÉireann: Na céimeanna ar aghaidh’ i 2009 agus anois Líofa 2015, is léir go bhfuil Rialtas an Tuaiscirt meáite ar shochaí dhifriúil agus neamhchlaonta a chruthú.

Ar ndóigh, níl gach duine i bhfabhar an tionscnaimh, go háirithe na hAontachtaithe. Dúirt Jim Allisterceannaire ar an bpáirtí ‘Traditionalist Unionist Voice’, “go bhfuil áit ag an nGaeilge i gcultúr staire, ach mar theanga beo agus oibre san aonú aois is fiche is neamhthosaitheoir í”. Mhaígh sé go bhfuil “naimhdeas frith-Briotanach” Sinn Féin ná áiseanna agus airgead ranna a úsáid chun a gclár oibre teanga a chur chun cinn.

D’aontaigh Comhalta den Tionól Reachtach don Pháirtí Aontachtach Daonlathach David Hilditch, duine a shuíonn ar an gcoiste cultúr, le hAllister. “Má tá suim ag daoine sa chultúr sin, déanfar í go deonach- ní gá dóibh bheith brúite ina treo”. Ag labhairt ag lainseáil an tionscnaimh, chuir Ní Chuilín béim ar luach eacnamaíochta na Gaeilge.

“Tagann buntáistí eacnamaíochta chuig an oileán tríd an ról a ghlacann an Ghaeilge i ndul chun cinn an turasóireacht chultúrtha… agus d’fhéadfadh infheistíocht i dteangacha go leor poist éagsúla a chruthú”. D’úsáid sí Cultúrlann Mc- Adam Ó Fiaich mar shampla den ról atá ag an nGaeilge, ionad a thugann 80,000 duine cuairt air gach bliain, dar léi. Cuirfear ranganna Gaeilge agus ábhair fhoghlama ar fáil do na daoine a gcuireann a n- ainmneacha síos don tionscnamh agus rachaidh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dteagmháil leo ó am go ham chun breathnú ar a ndul chun cinn.

Tuigeann Ní Chuilín, a nochtaigh i mbliana a mian chun an tréigthe ‘Acht an Teanga Éireannach’ a bheith athbheoite, an dúshláin atá os a comhair agus go mbeidh súile na nAontachtaithe ag breathnú uirthi agus í ag cur an tionscnaimh i bhfeidhm. Ach bhí sí “an-mhisnithe” ag na díospóireachtaí a bhí aici leis na páirtí leasmhara sa phobal agus creideann sí gur “sprioc réalaíoch” é Líofa 2015. Is maith an scéalaí an aimsir.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.