Fadhbanna vacsaín ag cur imní ar phobal na hÉireann

Jill McMahon

Tá costas sláinte ard i ndán do dhaoine óga ar tholg narcailéipse tar éis vacsaín fliú muice a fháil agus tá muinín san HSE anois faoi cheist ag an bpobal agus a iniúchadh faoi lánseol. Is riocht codlata í narcailéipse, a chuireann isteach ar mheon codlata an duine.Tuairiscíodh an galar doleigheasta i dhá theaghlach is fiche, in Éirinn go dtí seo.An t-aon rogha atá ann dóibh siúd le narcailéipse, ná í a láimhseáil le drugaí áirithe ar nós ritolin.

Is costas timpeall €120 in aghaidh mí, áfach, a bheadh ar theaghlaigh a íoc as dá leanbh. Tá méadú suntasach den ghalar codlata tagtha chun soluis le déanaí agus deirtear go bhfuil sé de thoradh an druga Pandemrix. Thugtaí amach an vacsaín fliú muice d’othair ó gheimhreadh 2009 ar aghaidh.

Tá méadú le feiceáil go háirithe i gcás na daoine, óga idir 2-20. Ba phrognóis mall agus deacair a bhí i gceist maidir le comharthaí aisteacha léirithe ag na páistí agus déagóirí a bhfuil i gceist.

Is othar narcailéipse í Siobhán (10) as Chontae an Chláir. Cé gur fuair sí an vacsaín i mí Feabhra 2010, ní thángthas ar phrognóis dá fadhbanna go dtí Bealtaine i mbliana.

Deir a máthar gur cuireadh tús lena himní faoi Siobhán nuair a bhíodh sí an-tuirseach agus ancodlatach gan cúis mhaith. Chuaigh sí ó phéidiatraí go péidiatraí leis an bhfadhb gan réiteach ar bith agus ní gur tháinig sí ar scéal ó Chríoch Lochlann gur cheap sí go mbeadh a leithead narcailéipse i gceist.

Is eagraíocht tacaíochta í SOUND, a thugann ardán do dhaoine cosúil le Siobhán. Tá éagsúlacht idir gach cás, ó laige matáin, agus rócholadh go duine ag titim i gceann a chos.

“Nílimid feargach leis an HSEmaidir leis an fo-iarsma seo”, dar le máthair Siobhán, “Ba chóir go mbeadh taighde ceart déanta ag na comhlachtaí cógaisíochta ar an druga roimh formheas a thabhairt dó”.

Ba mhór an feachtas a bhí ag an HSE maidir leis an vacsaín a fháil, fiú amháin go dtí Eanáir i mbliana. Dúradh gur tábhachtach agus slán an vacsaín a fháil do daoine óga agus do mhná torracha. Baineadh Pandemrix den díonadh fliú muice faoi láthair.

Fuair breis is 1 milliún an vacsaín ó 2009 ar aghaidh. Dar le saineolaithe leigheas, tá sé róluath a bheith céad faoin gcéad cinnte faoin nasc idir an vacsaín agus an taispeáint thobann narcailéipse. Is galar casta í nach

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.