Na Crusaders – na daoine a thaispeánann go bhfuil an Ghaeilge beo, nua-aimseartha agus gnéasúil

Nuair a smaoiníonn tú ar theanga na Gaeilge, d’fhéadfadh le cúpla íomhá leadránacha a rith leat – Peig Sawyers ag insint scéalta amaideacha agus ag caint go trom faoina saol. Na huaireanta uafásacha sin ag foghlaim dánta agus prós agus briathra Gaeilge. An bhfuil aon iontas ann, nach mbaineann níos mó de mhuintir na tíre seo taitneamh as an nGaeilge a fhoghlaim?

Nuair a bhí mé ar scoil, ní raibh ach cúpla cara agam le suim acu sa Ghaeilge mar ábhar, gan trácht ar na daoine a raibh suim acu staidéar a dhéanamh ar an ábhar ag Ard leibhéal. Ceapaim go bhfuil an cúrsa Gaeilge don Ard teist ródheacair – daoine ag iarraidh dánta agus prós a chuimhneamh go dtí go mbíonn tinneas orthu.

Ní chóir go mbeidh gráin ag aon duine ar a dteanga. Is fearr liom go mbeadh bród ar dhaoine nuar a smaoiníonn siad faoin nGaeilge –is páirt lárnach de chultúr na hÉireann í, páirt an-tábhachtach de mhuintir na hÉireann. Agus, buíochas le Dia, ta daoine cáiliúla Éireannacha leis an tuairim chéanna.

Eoghan McDermottmar shampla. Láithreoir teilifíse agus raidió, chas sé a lámh ar gach rud trí mheáin na Gaeilge, ón gclár ceoil ‘Pop4’ ar TG4, go dtí an aisteoireacht sa drámaíochta ‘edgy’ do dhéagóirí, ‘Seacht’. Fear greannmhar, dathúil é – a mhalairt le Peig bhocht agus a scéalta brónacha. Anois, tá sé ag obair ar an bhfoireann atá ag cruthú ‘The Voice of Ireland’ ar RTÉ – is cosúil go bhfuil se ábalta obair a dhéanamh trí Ghaeilge agus trí Bhéarla. Is laoch é i ndáiríre- féach air ar Twitter, @eoghanmcdermo.

Mar shamplaí de na mná áille atá líofa sa Ghaeilge, féach ar na deirfiúracha Seoige, Gráinne agus Síle. Cosúil le McDermott, is féidir leo obair a dhéanamh ar theilifís sa dá theanga. Rugadh iad i Spidéal, i nGaillimh, agus rith na mná seo liom mar phríomh-shamplaí go bhfuil an Ghaeilge fós beo – ní amháin do sheandaoine í, sa seomra fuair ag léamh amach dánta níos sine ná iad féin, í. Treise libh.

Ansin, tá Máire Treasa Ní Dhubhghaill ann, an bhean álainn ata ábalta aon imeacht Ghaeilge a dhéanamh. Is láithreoir teilifíse í agus rinne sí obair ar chláir cosúil le Ponc, Rugbaí Beo, Bog Stop agus Cúla Ceathair. Tá an t-uafás bua ag an mbean seo.

Agus ní féidir le duine ar bith sa tír dearmad a dhéanamh ar Dhaithí Ó Sé, an stud le TG4. Tá se ag déanamh na milliúin rudaí ag an am céanna an t-am ar fad. Is láithreoir e, is fir aimsire é, is ceoltóir é, is general heart-throb é. Is é an Daniel O’Donnell do mhná sa tíre seo, trí mheán na Gaeilge. Agus níl se pósta fós, mo chairde. Lean ar aghaidh.

Claire O’Connell

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.