Hazel Chu: An Chéad Polaiteoir Síneach-Éireannach in Éirinn

Sofia Roque

Credits: Green Party

Éirimiúil, tuisceanch agus cumhachtach- is iad cúpla focail chun cur síos a dhéanamh ar an bpolaiteoir íocónach Hazel Chu; an chéad pholaiteoir Éireannach de shliocht Áiseach.

Rugadh Chu i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1980 do thuismitheoirí ó Hong Kong. D’fhreastail sí ar bunscoil agus meánscoil i mBaile Áthat Cliath freisin. Sa bhliain 2002, bhain Chu céim amach sa pholaitíocht agus sa stair ón gColaiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD). Bhí sí gníomhach i ndíospóireacht an choláiste agus bhí sí ina cathaoirleach ar an gCumann Polaitíocht. Chríochnaigh sí dioplóma dlí agus céim abhcóide dlí ag Óstaí an Rí, agus i 2007 ba í an chéad duine a rugadh in Éirinn de bhunadh na Síne a glaodh chun Bharra na hÉireann!

Tar éis di céim a bhaint amach as Óstaí an Rí, d’oibrigh Chu i róil éagsúla lena n-áirítear tiomsú airgid do Theach Naomh Mícheál, bainistíocht táirgeachta ag Electric Picnic, agus tréimhse sé mhí san Astráil agus sa Nua-Shéalainn. D’oibrigh sí go deonach mar mhúinteoir sa tSín sa bhliain 2009 agus d’fheidhmigh sí mar chomhairleoir margaíochta i Nua-Eabhrac do Bhord Bia i 2010. Ag filleadh ar Éirinn, d’oibrigh Chu le Forfás, Oifig an Phríomhchomhairleora Eolaíoch, an NDRC, agus ina dhiaidh sin mar cheannaire cumarsáide do Diageo, Éire.

Thosaigh Chu leis an gComhaontas Glas i 2016, ag fónamh ar an bhFeidhmeannas Náisiúnta agus ag comhbhunaitheoir a ghrúpa ban, Mná Glasa. Bhuaigh sí suíochán ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i bPembroke i 2019 le vóta níos mó ná riamh agus rinneadh Cathaoirleach an Chomhaontais Ghlais de. Toghadh Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath i 2020, agus ba í an chéad duine de dhath sa ról í.

Mar thoradh ar thairiscint neamhspleách Chu ar fhothoghchán don Sheanad 2021, tháinig coinbhleacht páirtí inmheánach ach chríochnaigh sí nuair a d’fhan sí mar Chathaoirleach. In 2024, roghnaíodh í mar iarrthóir an Chomhaontais Ghlais do Chuan Bhaile Átha Cliath Theas san olltoghchán.

Phléigh Chu go hoscailte an ciníochas, an bhulaíocht agus an ciapadh a bhí uirthi agus í ag fás aníos. Tar éis di a bheith tofa ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, tháinig sí chun bheith ina sprioc de mhí-úsáid chiníoch ar líne, le lucht ciaptha ag séanadh a féiniúlachta Éireannach agus ag ionsaí dath a craicinn. Chuir roinnt daoine lipéad bréagach uirthi mar imirceach agus rinne siad tagairt don teoiric chomhcheilg ‘Great Replacement’. Mhéadaigh an mhí-úsáid seo go glaonna gutháin bagracha, agus dúirt Justin Barrett, ceannaire an Pháirtí Náisiúnta i bhfad ar dheis, go poiblí go mbainfeadh sé Chu dá saoránacht dá mbeadh sé i gcumhacht, in ainneoin gur rugadh in Éirinn í. D’fhan Chu go diongbháilte, ag diúltú a bheith imeaglaithe agus ag leanúint lena ghairm bheatha pholaitiúil.

Mar gheall ar athléimneacht Chu tá sí ina pearsa inspioráideach do phobail na hÁise-Éireannacha, a fheiceann inti sampla cumhachtach de shárú ar a chrann chun tionchar dearfach a imirt. Deimhníonn a bhfuil bainte amach aici in oifig phoiblí áit na nÉireannach Áiseach maidir le todhchaí na hÉireann a mhúnlú agus spreagann sí daoine eile chun róil cheannaireachta a ghlacadh. Léiríonn misneach Chu gur sócmhainní iad éagsúlacht agus diongbháilteacht don saol poiblí, a spreagann Éireannaigh óga na hÁise le creidiúint ina n-acmhainneacht agus diúltú do na srianta a chuireann an réamhchlaonadh i bhfeidhm.

Focail Thábhachtacha

Éirimiúil- Intelligent

Cumhachtach- Powerful

Shliocht- Descent

Bainistíocht Táirgeacht- Product Management

Olltoghchán- General Election

An Ciníocha- Racism

An Ciapad- Harassment

Teoiric Chomhcheilg- Conspiracy Theory

Mhéadaig- Escalated

Saoránacht- Citizenship

Diongbháilte- Determined

Athléimneacht- Resilience

Misneach- Courage

Sócmhainn- Asset

Acmhainneach- Resourceful

Réamhchlaonadh- Prejudice