Cén úsáid atá ag céim sa Ghaeilge?

Deirbhile Ní Cathail

Go minic cuireann daoine ceist orm faoin chéim atá á dhéanamh agam. Deirim leo gur gnó trí mheán na Gaeilge atá ann. Níos minice ná a mhalairt cloiseann siad ‘business’ agus ansin tar éis leath soicind cloiseann siad ‘GAEILGE’!

Bíonn freagra coitianta ann, ‘Caitheas go bhfuil sin deacair’, ‘Tá tú cróga’ nó fiú ‘Cén fáth a dhéanfá céim ghnó le Gaeilge? Nach mbeadh Sínís níos úsáidí sa saol gnó?’

An freagra a bhíonn agam i gcónaí ná, cén fáth nach ndéanfainn? Tá mé tar éis ceithre bliana déag a chaitheamh ag foghlam trí mhéan na Gaeilge. Is céim nadúrtha dom í agus mar gheall uirthi seasaim amach ón slua ollmhór atá ag déanamh céim ghnó. Silím go leiríonn mo rogha de chúrsa go dtuigim an tábhacht le héagsúlacht agus go mbeidh níos mo deiseanna agam de bharr an cinneadh a rinne mé.

Is iomaí duine a dúirt liom, ‘Caitheas go mbeidh ort post a fháil sa Ghaeltacht’. An freagra a bhíonn agam i gcónaí ná go bhfuil Béarla agam chomh maith. Cé go mbíonn deacracht agam anois is arís cuimhniú ar chuid téarmaí gnó i mBéarla, ní fheicim aon mhíbhuntáiste le mo chéim ghnó a dhéanamh i nGaeilge.

Faoi láthair tá intéirneacht idir lámha agam. Ní comhlacht Gaeltachta atá ann agus fós roghnaíodh mé mar dhuine de na naonúr intéirneach déag ó chúrsaí éagsúla.

Ní chuirfidh mo Ghaeilge bac orm riamh. Is iomaí deis a bheas agam mar gheall ar an Ghaeilge agus tá sí mar bhuntáiste breise dom. Tá an Ghaeilge mar an chéad teanga oifigiúil sa tír seo. Ar an drochuair is beag mac léinn gnó sa tír go dtig gach réimse de ghnó a dhéanamh i nGaeilge, chomh maith le Béarla. Tá lúcháir orm go dtig liom obair go dátheangach.

Is í margaíocht an réimse gnó ina bhfuil an suim is mó agam ann. Cuireann mo chéim ar an tslí ceart mé le haghaidh margaíocht a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, rud atá an-suim agam ann. Ar an ábhar céanna bheinn chomh ábalta margaíocht a dhéanamh i gcomhlacht nach n-úsáideann Gaeilge.

Is léir go mbeidh níos mó deiseanna agam amach anseo mar gheall go  bhfuil céim rud beag difriúil agam agus go seasaim amach ón slua dá bharr. Deireann go leor daoine liom gur bhreá leo líofacht sa Ghaeilge a bheith acu ach nach mbeadh aon úsáid acu don teanga go laethúil. Is dearcadh bréagach é sin. Tá slua mór ag úsáid ár dteanga álainn go laethúil agus is cinnte gur fiú í a spreagadh.