Tá an samhradh thart agus mar sin, tá na mic léinn J1, dóibh siúd a bhí ar Erasmus, dóibh siúd a bhí sa Téalainn nó na daoine a rinne obair dheonach san Aifric ar ais sa bhaile arís. An comhairle atá agam do gach uile mac léinn – téigh ag idir-iarnródaíocht! Más rud é nach bhfuil eolas agat faoin gcoincheap lean ar aghaidh ag léamh – Is é sin an chaoi a chaith mé mo shamhradh i mbliana. Táim ag scríobh an píosa seo chun cuidiú le do chuid pleanála amach anseo agus chun moltaí agus comhairle a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh é a dhéanamh.
Ón tús, rinne mé cinneadh go mbeadh mé ag taisteal le dlúthchara amháin. Ag caint le daoine eile a rinne é le grúpa. Cinnte go raibh craic iontach acu ach an t-aon rud ná go raibh sé i bhfad níos deacra plean a dhéanamh eatarthu agus gach duine a choimeád sásta. Rud eile chun aird a thabhairt air ná is dushlán é an idir-iarnródaíocht. Tuirseach traochta, malaí troma ar bhur droim, traenacha luath (nó thar oíche!) – agus sibh amach sa chathair an oíche roimh ré. Freisin bíonn ort aistriúchán á dhéanamh an t-am ar fad ar theangacha iasachta, aisteach.
Maidir leis an taisteal – an príomh pointe don cineál turas seo – tá sé éasca go leor agus brea saor. Téigh chuig USIT chun caint le saineolaí nó dean é ar líne ar interrail.eu Roghnaigh muid pás do sheacht lá taisteal le costas €278. Le tagairt ar traenacha na hEorpa CAITHFIDH TÚ do shuíocháin a fhorchoimeád mura theastaíonn uaibh leagadh den traein sibh agus é dubh le daoine? Déan áirithint sa stáisiún. Ná cuir glaoch ar IrishRail ag fiosrú d’amchlár traein ón mBeirlín. Ní bheidh clú dá laghad acu agus gáirfidh siad orthu. Nílim ag insint bréaga.
De ghnáth tá Béarla bunúsach ag an maor traenach agus déanfaidh siad an áirithint daoibh go díreach ar son táille bheag. Is fiú é gan a bheith faoi bhrú agus beidh tú in ann codladh go sámh! Creid é- teastóidh sé uaibh. Oh agus an codlata, tabhair piliúr leat – seacht n-uaire ar traein beidh crampa muineál ort. Beidh ort do phás interrail a thaispeáint do chigarí so bígí cinnte gur líon tú é i gceart. Muna bhfuil sé beidh orm an cháin a íoc. Tá treoracha ar fáil ar líne – interral.eu.
Anois, buaic an turais ; téigh ag spaisteoireacht thart na cathracha. Molaim daoibh iarr ar an mbord fáilte sa stáisiún traenach. Fuaireamar ticéid in Amstardam, an Bheirlín, an Ostair agus an Veinéis don chóras iompar poiblí iomlán agus sin conas a bhfaca muid na cathracha ar éascaíocht an tsaoil. Tugtar na ticéid cead agat bain úsáid as na traenacha, na tramanna, na busanna agus an metro chomh minic is maith leat. Cosnaíonn na ticéid thart ar 30 euro ar feadh trí lae ach sa chás Amstardam mar is eol do gach mac athair iníon máthar is é an rothaíocht an modh iompair is fearr. Níor rothaigh mé ón leanbhaois agus sea bhí mé ag crith ag an tús; faoi dheireadh na trí lá bhí ceamara GoPro i lámh amháin ag rothaíocht beagnach chomh maith agus is féidir leis na hOllainnis – tá píosa scannánaíochta agam.
Molaim duit an interrailing a dhéanamh chun an Mór-Roinn a fheiceáil. Cinnte go mbeadh saoire iontach agat.
Méabh Riordan