Dúirt cara liom coicís ó shin go raibh an ‘Full Monty’ á dhéanamh aige.Thuig mé cad a bhí i gceist aige leis an Full Monty, ach níor chreid mé go mbeadh scoláirí DCU ag baint triail as dóibh féin. Gheall sé dom go raibh sé fíor agus go raibh sé dáiríre nuair a dúirt sé go mbeadh seisean agus a chomhimreoirí rugbaí chomh maith le baill de chlubanna DCU ag siúl amach os comhair slua mór sa Wright Venue gan aon rud á chaitheamh acu seachas an meangadh ar a n-aghaidheanna.
D’fhiafraigh sé díom an raibh mé ag dul, ach bhí mé idir dhá chomhairle. Bhí fonn orm dul le féachaint “an raibh an ócáid seo ag tarlú gan cinsireacht?” agus le bheith ag gáire faoi mo chara ag baint a bhrístí ach ag an am céanna ní raibh mé ag iarraidh an oíche a chaitheamh ag féachaint ar fir gan éadaí. Bheartaigh mé gan dul, agus tá fós píosa ionam nach gcreideann go dtarlódh an ócáid seo. Conas ar aontaigh slua mór d’fhir óg paráid dóibh féin a chur ag máirseáil timpeall os comhair phobail DCU gan éadaí agus gan luach saothair airgeadais? Tuigim go raibh sé do charthanachtaí agus molaim iad as sin, ach caithfidh go bhfuil slí airgead a bhailiú nach bhfuil chomh náireach. An gcuireann na fir seo cuireadh dá dtuistí agus clanna teacht? Níl fonn orm smaoineamh ar na drochrudaí féideartha ar chor ar bith. An iomarca ceisteanna nach bhfuil freagra agam orthu. Chuala mé go raibh an lucht féachana déanta de chailíní don chuid is mó, ach táim cinnte go raibh roinnt fir ann chun freagraí a fháil ar na ceisteanna seo.
Ag fágáil an ‘Full Monty’, fillim ar mhí Eanáir nuair a tháinig mé ar ais ón mbriseadh. Shiúil mé sa Nubar agus d’ordaigh mé pláta de goujons agus sceallóga. Bhí ionadh an domhain orm, áfach, nuair nár tugadh dom ach ceithre goujons. Ní raibh fearg mar sin orm ónar chuala mé go raibh mo chúrsa ag bogadh ó Ghlas Naoín go Campas na Naomh Uile. Cá raibh an goujon eile imithe? B’fhéidir go raibh botún déanta nó go raibh duine ag buailleadh bob gránna orm, ach tar éis labhairt le roinnt duine eile, thuig mé go raibh líon na goujons le gach béile laghdaithe go 4. Bhí díomá orm, buille eile i gcoinne an mhic léinn, ach cuireadh gliondar ar mo chroí nuair a chonaic mé daltaí ag teacht le chéile chun an goujon a bhí in easnamh a thabhairt ar ais. Eagraíodh feachtas don phíosa sicín sa bhreis, ‘Goujon Appreciation Day’ mar cheann de na hiarrachtaí. D’éirigh go hiontach leis agus tá áthas orm a rá go bhfuil a bhfuil an goujon caillte ar ais arís.
Níl easpa de scéalta craiceáilte in DCU, ach nílim cinnte an dtéann aon rud i gcomparáid le The Full Monty agus Goujon Appreciation Day sa tseachtain chéanna. Táim cinnte go mbeidh rud éigin as an ngnáth ag tarlú le linn na seachtaine seo freisin. Beidh mé ag faire amach go géar.
Cormac Sheehy
Íomhá: Hotspots.ie