GaeilgeEXPO 2016

Más rud é go raibh tú sa Hub in OCBÁC ar an 18ú Feabhra ag am éigin san iarnóin, tá seans an‐mhaith gur thug tú faoi deara go raibh rud as an ngnáth ar siúl ann ‐ ach b’fhéidir nach raibh sé soiléir duit cad go díreach a bhí ag leanúint ar aghaidh.
“GaeilgeEXPO 2016” a bhí ar siúl, ócáid a bhfuil ráite a bhfuil ar nós ‘Lá na Gaeilge’ le haghaidh na hOllscoile. Eagraithe ag an gCumann Gaelach, an príomh‐aidhm a bhí ag an móraonach ná deis a thabhairt do mhic léinn labhairt le mór‐charachtair agus eagraíochtaí na Gaeilge.
I measc dóibh siúd a bhí i láthair don ócáid, bhí lucht Fiontar, as a dtagann suíomhanna ar nós Téarma.ie, Logainm.ie is Ainm.ie, agus Fulbright Ireland, a thugann scoláireachtaí do mhic léinn tríú leibhéal dul thar lear go Meiriceá chun staidéar, léachtóireachta agus taighde a dhéanamh.
Labhair Cathaoirleach an Cumainn Gaelaigh, Caoimhe Ní Chathail leis an College View ag rá; “B’iontach an rud é an oiread sin suime a fheiceáil ó ghrúpaí lasmuigh ag iarraidh an Ghaeilge a chur cinn anseo ar champas agus an suim sin a fheiceáil i measc na mac léinn in DCU. Lá bríomhar a bhí ann leis an Ghaeilge go feiceálach ar champas.”
Bhí an cuma ar an scéal go raibh 2016 mar an bhliain is mó don mhóraonach riamh in OCBÁC, ag tarraingt go leor suime i rith an lae. Chinntigh an Cathaoirleach an méid seo ‐ “Tháinig fás ollmhór ar EXPO na Gaeilge i mbliana le beagnach 20 grúpa éagsúil ag teacht le chéile sa Hub. Chuir siad ar fad eolas ar fáil faoi na bealaí ar féidir an Ghaeilge a úsáid go laethúil in DCU agus lasmuigh.” , a dúirt Ní Chathail.
Cuireann an rath seo in iúl dúinn go bhfuil athbheochan na Gaeilge linn, le méadú ar an éileamh di ‐ ranganna breise curtha ar fáil, comhlachtaí nua‐thosaithe ag baint tairbhe as an nGaeilge, Ravelóid, féile lán‐Ghaeilge, san áireamh, agus an teanga ina nideog i measc grúpaí áirithe in Éirinn.

I ndiaidh an lá ráthúil, le buíochas mór tuilte ag Siobhán Seoighe a d’eagraigh cuid mhór d’imeachtaí na hócáide, chuir Ní Chatháil an meon ginireálta i dtaca leis an móraonach chun cinn ‐ “Chuir sé bród mór orm agus tá mé fíor‐bhuíoch as Oifigeach na Gaeilge Siobhán Seoighe agus a cuid ullmhúcháin ar fad don lá.”
Seachtain tar eís Gaeilge EXPO 2016, i ríomhphost seolta chuig baill an chumainn, bhí teachtaireacht curtha amach, ag dul siar ar an lá. Bhí “an imeacht i bhfad níos mó ná an bhliain seo chuaigh thart.’, dar leis an gCumann. ‘Mar sin, tá muid ag súil le feiceáil cé chomh mór agus a bheidh sé an bhliain seo chugainn!”.
Cinnte, thug an ócáid comhartha ar leith don chumann ‐ tá OCBÁC fós sásta tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge, agus go bhfuil suim ag na mic léinn inti. Is cosúil nach mbeidh dúshlán ann dóibh an rath sin a bhaint amach an bhliain seo chugainn arís.
Cal Ó Donnabháin

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.