Léirmheas: Otherkin in Grand Social

Ar an Satharn, an 6 lá de mhí na Samhna, sheinn Otherkin, banna ceoil popghrúinse bunaithe i mBaile Atha Cliath, sa ‘Grand Social’ ag seoladh a ‘EP’ nua ‘201’. Tá an grúpa ag dul ó neart go neart agus tá sé seo so-fheicthe leis na conarthaí nua-aimseartha acu le Rimmel agus amhrán leo ar Soccer AM ar Sky 1 sa Bhreatain Mhó. Is léir go bhfuil rud éigin a dhéanamh i gceart ag na dúchasaigh de chuid Bhaile Atha Cliath agus iad ag aimsiú ratha timpeall achan cúinne.

D’oscail Thumper seó na hoíche, ag seinm ceoil a cuireadh Nirvana agus lucht ceoil grúinse na nóchaidí i gcuimhne duit, cé nach raibh guth Kurt Cobain ag an bpríomh-amhránaí. Don éisteoir ag a mbeadh cluais acu don cheoil bheadh sé deacair aon bhunúlacht a chloisteáil, ach níor thóg sé sin ón mbanna go hiomlán.

Iad ag cur tús leis an gceolchoirm, níorbh fhada go raibh Thumper ag crua-chasadh, an dá ghiotáraí ag léim timpeall an stáitse mar a bheadh beirt Angus Young, iad go hiomlán tumtha sa cheol. Ag féachaint ar an bpríomh-amhránaí don chéad uair bhí an méid a bhí scríofa ar a t-léine aige soiléir dóibh, “Girls Invented Punk Rock Not England” agus is cosúil go dtóg siad a gcomhairle féin le ban-drumadóir seasta taobh thiar den seastán stróib sa dorchadas in aice le príomh-dhrumadóir na buíne.

Tháinig seit Thumper chun deireadh. Sár-iarracht a bhí ann tús a chur leis an seó ach ar an iomlán tréimhse imeartha lag a bhí ann, agus bhí sos ann don slua tabhairt faoin mbeár arís. Choimeád foireann an Grand Social an slua ag baint taitnimh as an ócáid, iad ag craoladh ceoil bannaí nua Éireannacha as na callairí. Faoi dheireadh múchadh na soilse agus chas gach éinne i dtreo an stáitse.
Ag cur in iúl don scata seasta os a gcomhair nach raibh ach dhá uair a’ chloig codlata faighte acu roimh teacht chun na ceolchoirme dóibh, thosaigh siad ag plancadh agus níorbh fada go dtí go raibh gach éinne ag luascadh anonn ‘s anall le rithim an cheoil. Mar a lean an oíche ar aghaidh tógadh faoi deara nach raibh meascadh ceoil na ceolchoirme ag an gcaighdeán cuí agus bhí aisfhotha as an gcóras fuaime ag cur isteach ar an mbailiúchán. Chomh maith leis an aisfhothú, bhí cumhacht na stróibe ró-láidir agus gach uair a chas siad i dtreo an lucht féachana casadh gach uile cloigeann sa treo eile.

Is dócha nár lig an slua do na meancóga millteanacha seo cur isteach orthu agus níor thóg siad óna dtaithí, Otherkin ag cur sár-seó ar siúl ó thús go deireadh, an doird á treoiriú go héifeachtach. Ar an iomlán, ní raibh sé ró-shoiléir go raibh baill den lucht féachana mí-shásta leis an gcruinn-iarracht ar chuala siad agus leis na cnaga ar fad cosúil le “Ay Ay” agus “Feel It” ag cur i gcuimhne dóibh go raibh €12 caite go maith acu ar bhanna de hard-chaighdeán le droch-mheascthóirí fuaime ag ladhdú an chaighdeáin, is cosúil go raibh sár oíche ag gach aon duine agus chabhraigh na piontaí a bhí ag sreabhadh le seo!

Cal Ó Donnabháin

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.